EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
bed1, s. Leaba f -pa. 1 a Single bed, leaba shingil. Double bed, leaba dhúbailte. S.a. AIR-BED, CAMP-BED, FEATHER-BED, TRUCKLE-BED, WATER-BED. To give bed and board to s.o., a bhia agus a leaba a thabhairt do dhuine. The marriage bed, leaba na lánúine. Jur: Separation from bed and board, dealú ó chuibhreann agus ó chaidreamh; dealú ó aontíos. She was brought to bed of a boy, rugadh páiste fir di. He is in bed, (i) tá sé ina luí, tá sé ina chodladh; (ii) (through illness) tá sé ar an leaba. To go to bed, dul a luí, a chodladh. He took to his bed, luigh sé, thug sé an leaba air féin. Keep to your bed, fan i do luí, fan ar do leaba. Bed of sickness, leaba na bpian. S.a. SICK-BED. To get into bed, dul isteach sa leaba. To get out of bed, éirí as an leaba. To put a child to bed, leanbh a chur a luí. To make the beds, na leapacha a chóiriú. As you make your bed so must you lie on it, mar a chóirigh tú do leaba caithfidh tú luí uirthi. S.a. DEATH-BED, ROSE1 1 b =BEDSTEAD. c Spring-bed, leaba spriongaí. 2 a Grinneall m (abhann); oitir f, beirtreach f (oisrí). Hort: Ceapach f (plandaí). (Flower-)bed, bláthcheapach f. S.a. OYSTER-BED, SEED-BED. b Geol: Miner: Scair f. S.a. COAL-BED. Constr: etc: Dúshraith f. c (Engine-)bed, leaba (innill).
bed2 . 1 v.tr. a To bed (up, down) the horses, easair a chur faoi na capaill. b To bed (out) plants, plandaí a chur amuigh. To bed (in) seedlings, plandaí a thanú. c Const: Neadaím (maide isteach i mballa); cuirim (dúshraith) ina suí. 2 v.i. a (Of animal) Téann faoi chónaí. b (Of foundations, etc.) To bed down, socrú.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To air a bed, leaba a théamh, a aeráil.
Apple-pie bed, leaba an ghogaide.
Hort: Bedding-out, plandáil f, sá m (plandaí).
He is bed-ridden, tá sé ag coinneáil na leapa.
To get down to bed-rock, dul go bun an scéil.
Bed-rock price, an luach is ísle.
Canopied bed, leaba téastair.
(Bed)-chamber, seomra m codlata, seomra leapa.
To be confined to bed, an leaba a choinneáil.
Confinement to bed, coinneáil f leapa; luíochán m.
He crept into bed, shleamhnaigh sé isteach sa leaba.
Death-bed confession, faoistin an bháis.
Flock bed, leaba fhlocais.
To get to bed, dul a chodladh.
Bed hangings, cuirtíní leapa.
To hop out of bed, teacht de léim amach as an leaba.
The hour has come to go to bed, to get up, etc., tá sé in am luí, éirí, etc.
Huddled (up) in bed, cuachta sa leaba.
Bed jacket, seaicéad m leapa.
To jump out of bed, preabadh, léim, amach as an leaba.
To keep the river within its bed, an abhainn a choinneáil isteach.
To keep one's bed, fanacht ar an leaba; an leaba a choinneáil.
To keep to one's bed, fanacht ar an leaba, an leaba a choinneáil.
I was late (in) going to bed, bhí sé mall ag dul a luí dom.
To leave one's bed, éirí as an leaba.
He was lying ill in bed, bhí sé ina luí tinn sa leaba.
To lie in bed, fanacht sa leaba.
To make the bed, an leaba a chóiriú.
Nitre bed, mianach m nítir.
To pack a child off to bed, páiste a ghreadadh a luí.
To put s.o. to bed, duine a chur a luí.
My regular time for going to bed, an t-am is gnách liom dul a chodladh.
It is no bed of roses, ní saill gan fiacha é.
Bed of sickness, leaba thinnis.
Single bed, leaba shingil.
To sit up (in bed), éirí aniar (sa leaba).
Bed-sitting-room, seomra suite is codlata.
He slipped into bed, isteach sa leaba leis go fáilí.
To lie snug in bed, bheith soiprithe go te sa leaba.
To snuggle down in bed, soipriú, neadú, síos sa leaba.
To spring out of bed, léim amach as an leaba.
To stay in bed, fanacht sa leaba; an leaba a choinneáil.
To strip a bed, an t-éadach a bhaint de leaba.
He is tied to his bed, níl fágáil na leapa aige (le tinneas).
He went to bed on top of his supper, chuaigh sé a chodladh láithreach tar éis suipéir.
To toss (about) in bed, bheith do d'únfairt, do d'iomlasc, féin sa leaba.
To tuck in the bed-clothes, ciumhaiseanna éadaí na leaba a fhilleadh isteach faoin tocht.
To toss and tumble in the bed, bheith ag únfairt, do d'iomlasc féin, sa leaba.