Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cleg · lag · le · leá · leag
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for leg »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
leg1, s. 1 Cos f. He took to his legs, thug sé do na boinn é. I ran as fast as my legs could carry me, ritheas chomh géar agus a bhí sé i mo chosa. To stand on one leg, seasamh ar leathchois. He was on his legs, bhí sé ar a bhoinn, ina sheasamh. I have been on my legs all day, ní raibh suí suaimhnis feadh an lae agam. He got on his legs again, (i) d'éirigh sé arís (ina sheasamh); (ii) tháinig cumas a chos arís chuige; tháinig sé chuige féin arís. To set s.o. on his legs again, (i) duine a chur ina sheasamh arís; (ii) duine a chur ar a chosa arís. To be on one's last legs, a bheith ar an dé deiridh, i ndeireadh na preibe. To walk s.o. off his legs, na cosa a chaitheamh faoi dhuine. When he found his legs, (i) nuair d'éirigh leis seasamh; (ii) nuair a thuig sé a chumas féin; (iii) nuair rinne sé bun ina ghnó. To keep one's legs, fanacht i do sheasamh. I gave him a leg up, (i) thugas cos i láimh, i dtaca, i mbois, dó; (ii) thugas lámh chúnta dó. To pull s.o.'s leg, amadán a dhéanamh de dhuine; bob a bhualadh ar dhuine. I didn't leave him a leg to stand on, rinne mé ciolar chiot de. 2 Cu: Leg of chicken, cos sicín. Leg of beef, mutton, pork, ceathrú f mairteola, caoireola, muiceola. Cost: F: Leg-of-mutton sleeves, bolgmhuinchillí fpl. Leg-of-mutton sail, seol trí ghob. Leg beef, mairteoil leise. 3 Cos f, osán m (briste); cos f (stoca). 4 Cos f (boird); géag f (compáis), beangán m (tlú). 5 Nau: Leathbhord m, leathsheoladh m.
leg2, v.tr. F: To leg it, (i) é a chrágáil; (ii) é a thabhairt do na boinn, é a bhaint as na cosa.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He has a bad leg, tá cos thinn, cos bhocht, aige.
He is bandy-legged, tá bóraíl ann, tá lán ina chosa.
Bare legs, lorgaí nochta.
That restored the circulation in his legs, chuir sin an fhuil ag rith ina chosa arís.
He crushed his leg in falling, bascadh an chos aige nuair a thit sé.
My leg went dead, tháinig eanglach, fuairnimh, i mo chois.
She would talk the hind leg off a donkey, bhodhródh sí tú lena cuid cainte; tá sí ina claibín muilinn.
His opponent fastened on to his leg, rug a chéile comhraic greim ar a chois.
Game leg, cos bhacach.
Gate-legged table, bord cliathchosach.
I felt my legs give (way) beneath me, bhraitheas na cosa ag lúbadh fúm.
He had his leg broken, bhris sé a chos; briseadh an chos aige.
Hind legs, cosa deiridh.
Cu: Knuckle of a leg of mutton, alt coise caoireola.
He is lame of, in, one leg, tá leathchos bhacach faoi; tá bacaí i gcois leis.
A great lanky fellow, a lanky-legs, scodalach m, cnámharlach m, reangartach m, cuirliúnach m.
Leg of mutton, leis f, ceathrú f, caoireola.
Leg of a table, cos boird.
To dine off a leg of mutton, ceathrú caoireola a bheith agat le do dhinnéar.
F: Rickety legs, cosa fpl laga.
The horse rose on its hind legs, d'éirigh an capall ar a cosa deiridh.
You'll run me off my legs, bainfidh tú lúth na gcos díom.
To sever s.o.'s leg (from the body), an chos a bhaint de dhuine.
He is shaky on his legs, tá na hioscaidí ag lúbadh faoi.
Mec.E: Shears, shear-legs, cosa fpl tógála.
His legs sank under him, lúb na hioscaidí faoi.
You must stand on your own legs, caithfidh tú treabhadh duit féin.
I didn't leave him a leg to stand on, níor fhág mé focal le rá aige.
To steady a table-leg, cos boird a dhaingniú.
Three-legged stool, stól trí chos.
To straddle (out) one's legs, na cosa a scaradh.
The bullet went straight through his leg, chuaigh an piléar cruinn díreach trína chois.
To stretch one's legs, do chosa a shíneadh.
With his tail between his legs, (i) (of dog) agus a eireaball ina ghabhal leis; (ii) F: (of pers.) go maolchluasach.
Telescopic leg (of tripod), cos f insínte.
F: How is that leg of yours, cad é mar tá an chos sin agat.
To have a tingle in one's legs, drithlíní mpl a bheith sna cosa agat.
F: Well-turned leg, cos chórach.
He twitches his leg, tá croitheadh ina chois.
To be unsteady on one's legs, bheith corrach ar do chosa.
F: He untucked his legs from under him, shín sé uaidh a chosa a bhí craptha faoi aige.
To walk s.o. off his legs, duine a thraochadh ag siúl leat; duine a mharú is é ag iarraidh cos a choinneáil leat.
My legs are wobbly, tá na cosa ag lúbadh fúm.
To wriggle one's body, one's legs, bheith ag lúbarnaíl do chabhlach, do chos.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News