Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cove · dove · love · mode · moke
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for move »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
move1, s. 1 a Chess: etc: Aistriú m, bogadh m. Whose move is it? cé leis imirt? b Beart m. What is the next move? cad é an chéad rud eile atá le déanamh? He must make the first move, caithfidh seisean an chéad iarracht a dhéanamh. F: He is up to every move (in the game), tá sé oilte ar gach cleas (sa chluiche). 2 Bogadh m, gluaiseacht f. F: We must make a move, caithfimid bheith ag imeacht. To be always on the move, bheith de shíor ag imeacht. To get a move on, deifriú, brostú. 3 Aistriú m, imirce f (ó theach go teach eile).
move2 . I v.tr. 1 a Aistrím (troscán, díormaí, etc.). Sch: He has been moved up, cuireadh chun cinn é go dtí an chéad rang eile. Chess: To move a piece, fear fichille a aistriú. b To move house, abs. to move, aistriú, imirce a dhéanamh. To move into the country, aistriú amach faoin tuaith. 2 a Corraím, bogaim (mo cheann, etc.). Not to move a muscle, gan cor ná car a dhéanamh. The wind was moving the trees, bhí an ghaoth ag croitheadh na gcrann. b Corraím, cuirim ar siúl (inneall, etc.). The water moves the millwheel, cuireann an t-uisce an roth muilinn ag casadh. To move the bowels, an cholainn a oibriú. 3 a Athraím an intinn ag (duine). He is not to be moved, ní féidir bogadh a bhaint as. b To move s.o. to do sth., duine a spreagadh le rud a dhéanamh. F: I will do it, when the spirit moves me, déanfaidh mé é nuair a thiocfas an fonn orm, nuair a bhuailfeas an tallann mé. c Corraím (duine), gluaisim (duine) chun trua. Easily moved, sochorraithe. To move s.o. to anger, fearg a chur ar dhuine. To move s.o. to laughter, fonn gáire a chur ar dhuine. To move s.o. to tears, na deora a bhaint as duine. To move s.o. to pity, trua a chur ar dhuine. Your tears will not move him (to pity), ní bhogfaidh do dheora é. I move that . . ., molaimse go . . . 4 To move a resolution, tairiscint f a mholadh. II v.i. a Bogaim, corraím. Keep moving, coinnigh ort ag siúl. F: Com: This article is not moving, níl aon imeacht ar an earra seo. (Of pers.) To move in high society, na huaisle a thaithí. b To move (about), bheith ag corraí. Don't move! ná corraigh! He didn't move, níor chuir sé cor de. Mec.E: (Of part) To move freely, bheith soghluaiste. c Gluaisim, imím. To move towards a place, déanamh, díriú, ar áit. He moved with dignity, bhí siúl státúil leis. F: It is time we were moving, tá an t-am againn a bheith ag imeacht. Chess: The bishop moves diagonally, ar fiar a théann an t-easpag.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To move along, dul ar aghaidh.
They moved apart, sheas siad amach ó chéile.
Parl: To move the closure, an clabhsúr a mholadh.
I was not conscious of having moved, níor airigh mé mé féin ag corraí.
To move forward, druidim chun cinn.
He moved heavily, chorraigh sé go hanacrach.
To move house, aistriú go teach eile.
Line of moving cars, scuaidrín m carrannaí sa siúl.
Move on, please, coinnígí oraibh ag siúl.
Moving staircase, staighre gluaiste.
Moving coil, corna gluaiste.
The moving spirit, croí agus anam (na gluaiseachta).
He begged me not to move, d'agair sé mé gan bhogadh.
To move s.o. to pity, trua a chur ar dhuine.
Parl: To move the previous question, an réamhcheist a mholadh.
(At meeting) To move the previous question, an réamhcheist a mholadh.
Parl: To move to report progress, a thairiscint go dtabharfaí tuairisc ar ar dearnadh.
Chess: To retract a move, aistriú a tharraingt siar.
To move in a rut, bheith ag treabhadh an iomaire chéanna i gcónaí.
We don't move in the same set, ní thaithíonn muid an tréad céanna.
To move to one side, druidim i leataobh.
He tied me up so that I could not move, cheangail sé mé sa dóigh nach raibh bogadh ionam.
To move in society, bheith i gcaidreamh daoine móra.
To move s.o. to tears, na deora a bhaint as duine.
She is easily moved to tears, tá an deoir i ndeas don tsúil aici.
When I will to move my arm . . ., nuair is mian liom mo lámh a chorraí . . .
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News