Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: sand · stad · staid · stang · strand
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for stand »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
stand1, s. 1 a Seasamh m. To take a firm stand, seasamh go daingean. b Stad m. He was brought to a stand, tugadh air seasamh; baineadh stad as. 2 Cur m in aghaidh. To make a stand against s.o., seasamh, cosa a chur i dtaca, in aghaidh duine. 3 Ionad m, láthair f -reach. a He took his stand near the door, bhunaigh sé é féin in aice an dorais, b I take my stand on that, cuirim cos i bhfeac sa mhéid sin, sin an dúshraith atá agam. 4 Stad m, sos m -a (traenach). 5 Cos f, seastán m (lampa, etc.). 6 Stainnín m, both f -a (earraí). 7 Sp: Laftán m, ardán m. 8 (Of trees, etc.) Clampa m.
stand2, I v.i. 1 a (Have upright position) Seasaim, tá mé i mo sheasamh. I could hardly stand, ní raibh ann ach go dtiocfadh liom seasamh. You must stand on your own legs, caithfidh tú treabhadh duit féin. I didn't leave him a leg to stand on, níor fhág mé focal le rá aige. For: To leave a tree standing, crann a fhágáil ina sheasamh. S.a. EASE1 1, HAIR 1, SENTRY 2 b He stands six feet high, tá sé sé troithe ar airde. c (Assume upright position) Éirím (i mo sheasamh). 2 a (Be situated; be) The house stands upon a height, tá an teach thuas ar ard. In the corner stands a small table, istigh sa chúinne tá bord beag. The town stands against a hill, tá cúl an bhaile le cnoc. The car is standing at the door, tá an carr taobh amuigh den doras. The tears stood in his eyes, bhí na deora sna súile aige. Let it stand in the sun, fág faoin ngrian é. To buy the house as it stands, an teach a cheannach mar atá sé. Nothing stands between you and the job, níl a dhath le tú a choimeád ón bpost. b A man stood in the doorway, bhí fear (ina sheasamh) sa doras, To stand talking to s.o., seasamh ag caint le duine He left her standing in the middle of the room, d'fhág sé ansin (ina seasamh) i lár an tseomra í. 3 (Assume a stationary position) Stopaim, seasaim. Stand! seas! stad! Stand and deliver! do sparán ar do bheo! 4 (Maintain position) Seasann, maireann, leanann. To stand fast, seasamh teann. The house will stand another century, mairfidh, seasfaidh, an teach céad eile. I shall stand or fall by it, tá mo chuid den saol i ngeall air. 5 (Remain valid) The contract stands, seasann an conradh. The same remark stands good, is fíor an chaint chéanna sin i gcónaí. S.a. REASON1 3. 6 a (To be in a certain position) He stands convicted of theft, tá gadaíocht cruthaithe air, ciontaíodh i ngadaíocht é. To stand in need of sth., rud a bheith de dhíth ort, bheith i ngátar ruda. You stand in danger of getting killed, tá tú i gcontúirt do mharaithe. S.a. CORRECT1 3. He stands to lose nothing by it, níl a dhath le cailleadh aige leis. b To stand security for a debt, dul i mbannaí ar dhuine atá i bhfiacha. To stand as candidate, dul san iomaíocht, rith, mar iarrthóir. c He stands first in the list, tá sé ag ceann, barr, an liosta. The thermometer stood at 90°, bhí nócha céim teasa ann. d The house does not stand in his name, níl a ainm thíos leis an teach. e The amount standing to your credit, an méid atá ag teacht chugat. How do we stand? cad é mar tá an cuntas againn? The matter stands thus, sin mar atá na gnóthaí. As matters stand, as it stands, mar atá an scéal (faoi láthair). I don't know where I stand, níl a fhios agam cá bhfuil mé. How do they stand now? cén bhail atá anois orthu? He stands well with the boss, tá meas ag an máistir air. S.a. CEREMONY. 7 (Move to and remain in certain position) I'll stand by the window, rachad go dtí an fhuinneog agus seasfad ann. I'll stand here, fanfaidh mé anseo. To stand to the south, luí ó dheas. S.a. CLEAR1 II. 8 (Remain motionless) The water stands here, uisce marbh atá anseo. To allow wine to stand, ligean d'fhíon síothlú. To let the tea stand, an tae a fhágáil ar tarraingt. Cars may stand here, cead ag carranna fanacht anseo. II v.tr. 1 (Place upright) Leagaim, cuirim (rud) ina sheasamh. To stand sth. against a wall, rud a chur ina sheasamh le balla. 2 To stand one's ground, an fód a sheasamh. 3 (Endure) Fulaingím, seasaim. To stand cold, an fuacht a fhulaingt. It will stand rough handling, tá acmhainn ar thiaráil aige. We had to stand the loss, sinne a bhí caillte leis. Utensils that will stand the fire, soithí a bhfuil acmhainn tine acu. I can't stand him, ní féidir liom cur suas leis, broic leis. I can't stand it any longer, ní thig liom a fhulaingt níos faide. 4 Ceannaím, íocaim. To stand s.o. a drink, deoch a cheannach do dhuine. I am standing this one, ormsa an deoch seo.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Stand by the anchor! réidh leis an ancaire a chur amach!
The house stands at an angle to the street, tá an teach ar fiar leis an tsráid.
Standing, regular, army, arm seasta.
To stand aside, seasamh i leataobh.
I stand in awe of him, (i) tá mé scanraithe aige; (ii) tá eagla orm roimhe agus urraim agam dó.
Stand back (from me), seas amach (uaim), druid siar (uaim).
House standing back from the road, teach atá isteach tamall ón mbóthar.
She was standing beside him, bhí sí ina seasamh taobh leis.
To stand before s.o., seasamh ar aghaidh duine.
Every tub must stand on its own bottom, caithfidh duine seasamh ar a chosa féin.
To stand (up)on ceremony, an ghalántacht a imirt; fiúntas a dhéanamh.
He stands a chance, tá seans maith aige; tá seans maith go n-éireoidh leis.
To stand in a circle, seasamh i bhfáinne.
To stand clear, fanacht amach (ó chontúirt).
They are standing close together, tá siad ina seasamh, le taobh, le punt, a chéile.
Nau: To stand close in (to the land), fanacht le talamh.
You stand convicted by your own words, as do bhéal féin a chiontaís tú féin.
I stand corrected, admhaím mo dhearmad.
To be, stand, on the defensive, bheith, fanacht, ar do chosaint.
He was standing on his dignity with me, bhí sé mórchúiseach liom.
To stand at a discount, bheith ar díol faoi bhun cothroim.
He is, stands, in dread of her, tá eagla a chroí, a anama, air roimpi.
Mil: Stand at ease! seasaigí ar ais!
Mil: Stand easy! ar socracht!easily, adv.
To stand erect, seasamh díreach.
To stand fast, seasamh go daingean diongbháilte.
I am, stand, go, in fear of him, tá eagla orm roimhe.
To stand firm, seasamh go teann, go daingean.
It is more than flesh and blood can stand, scrúdfadh sé croí an duine.
To stand without flinching, seasamh gan cúbadh.
To hold, stand, one's ground, an fód a sheasamh.
To stand as guarantor for s.o., dul i mbannaí ar dhuine.
To be, stand, on guard, bheith ar d'aire.
It is enough to make your hair stand on end, thógfadh sé an ghruaig de do cheann.
To stand idly by, fanacht go díomhaoin, gan dada a dhéanamh.
To stand instead of sth., ionad ruda a dhéanamh.
Book of standing instructions, leabhar na ngnáthrialacha.
To stand jam (up) against the wall, seasamh go dlúth leis an mballa.
To keep standing, fanacht i do sheasamh.
To stand on one leg, seasamh ar leathchois.
I didn't leave him a leg to stand on, rinne mé ciolar chiot de.
To stand in s.o.'s light, seasamh sa solas ar dhuine.
F: He stands in his own light, tá sé ag déanamh a aimhleasa féin.
To stand in a line, seasamh ar aon líne.
To stand in a line, seasamh duine ar chúl duine; seasamh in aon líne amháin.
Standing here you look down on the whole plain, i do sheasamh anseo dhuit tá radharc síos uait ar an machaire uile.
He stands to lose nothing by it, (i) níl aon ní le cailleadh aige leis; (ii) níl aon bhaol air bheith thíos leis.
As matters stand, mar atá an scéal.
I wont stand any monkey business! ní chuirfead suas le haon phleidhcíocht!
To stand mute (of malice), tostadh le mailís.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News