Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: gravel · ravel · ratel · trae · Tralee
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for travel »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
travel1, s. 1 a Taisteal m. Travel agency, agent, gníomhaireacht f, gníomhaire m, taistil. b pl. Is he still on his travels? an bhfuil sé i gcónaí ar a chamchuairt? 2 Aut: Clutch travel, cúrsa m cráige.
travel2, v.i. 1 a Taistealaím; téim ar turas, ar aistear. He travelled round the world, shiúil sé an domhan, thug sé cuairt na cruinne. To travel the road, an bóthar a shiúl. He travelled over the country, shiúl sé an tír; thug sé cuairt na tíre. b Gluaiseann; (of news) leathann, scaipeann. Light travels faster than sound, is luaithe a ghluaiseann an solas ná an fhuaim. Train travelling at sixty miles an hour, traein agus siúl seasca míle san uair fúithi. Aut: We travelled two hundred miles in one day, rinne muid dhá chéad míle in aon lá amháin. 2 Déanaim taistealaíocht (tráchtála). He travels in tea, in spirits, taistealaí tae, biotáille, é. 3 Mec.E: (Of part) Bogann (as ionad).
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Travelling allowance, liúntas m taistil.
Travelling bag, mála taistil.
He spent the balance of his life in travel, chaith sé an chuid eile dá shaol ag taisteal.
To travel by rail, by car, by bicycle, taisteal ar traein, i gcarr, ar rothar.
Travelling circus, sorcas m.
He travelled by day, in the day, shiúil sé de ló.
He travelled by easy stages, rinne sé an t-aistear ina gheábhanna beaga.
He is now unequal to the exertion of travelling, ní fhéadfadh sé anró an taistil a sheasamh faoi láthair.
Com: Travelling expenses, costais bóthair.
Few of them had travelled, corrdhuine acu a rinne taisteal.
F: (=first class) I always travel first, téim i gcónaí sa chéad rang.
Dangers incident to travel, dainséir a ghabhann le taisteal.
To travel by land, taisteal ar thalamh.
Travel licks a young man into shape, cuireann taisteal cruth ar ógánach.
To travel light, taisteal ar bheagán bagáiste.
To travel north, gluaiseacht ó thuaidh.
To travel post, (i) taisteal ar an bpost; (ii) taisteal ar luas.
To travel by rail, taisteal ar an traein.
F: To travel out of the record, imeacht ón ábhar.
Travelling requisites, trealamh m taistil.
Travelling rug, ruga taistil.
Travelling salesman, taistealaí m tráchtála.
To travel south, gluaiseacht ó dheas.
To travel by easy stages, an t-aistear a dhéanamh ina gheábhanna beaga.
To travel in state, taisteal go tóstalach.
To travel steerage, dul sa stíris.
They travelled in France and then in Spain, shiúil siad an Fhrainc agus an Spáinn ina dhiaidh sin.
Rail: To travel third, taisteal sa tríú rang.
(Of pers.) (Much-, well-) travelled person, duine a shiúil go leor.
Rail: Travelling post-office, postoifig f taistil.
Travelling kitchen, cistin f taistil.
Travelling staircase, staighre m creasa.
Ind: Travelling apron, clár m síorghluaiste.
Travelling bag, mála m taistil.
Travelling expenses, costas m bóthair, taistil.
He has travelled widely, tá mórán siúlta aige.
To travel with s.o., taisteal i gcuideachta, i dteannta, duine.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News