EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
word1, s. 1 Focal m. a Word for word, focal ar fhocal. In a word, le scéal gearr a dhéanamh de. In other words, lena rá ar chaoi eile. I told him so in so many words, dúirt mé leis é gan fiacail a chur ann. The words of the Gospel, briathra mpl an tSoiscéil. Bad is not the word for it, tá sé thar a bheith olc. Spoken words, focail mpl, briathra mpl, béil. In the words of. . ., mar a deir . . . To put a wish into words, ainm a chur ar mhian. To call upon s.o. to say a few words, iarraidh ar dhuine cúpla focal a rá. A man of few words, duine tostach. He never said a word, ní dúirt sé smid. He does not know a word of Irish, níl focal Gaeilge ina phluc. I can't get a word out of him, ní thig liom aon chaint a bhaint as. To put one's word in, do ladar a chur sa scéal. Without a word, gan focal. With these words he went away, nuair a dúirt sé sin, d'imigh sé. You have taken the words out of my mouth, bhain tú as mo bhéal é; nach é a bhí mé ag brath a rá. No words can describe it, níl insint bhéil air. Conduct beyond words, iompar a théann thar fóir ar fad. He is too silly for words, níl aon teorainn lena amadántaíocht. Fair words, fine words, caint réidh, phlásánta. S.a. LAST2 I. 1. b I want (to have) a word with you, ba mhaith liom, d'oirfeadh dom, labhairt leat. I'll have a word with him about it, labhróidh mé leis faoi. To say a good word for s.o., labhairt ar son duine. He never has a good word for anyone, níor mhol sé aon duine riamh; ní raibh an dea-fhocal ina bhéal d'aon duine riamh. A word in season, focal i dtráth. A word to the wise is sufficient, tuigeann fear léinn leathfhocal; is leor nod don eolach. c We had words, d'éirigh eadrainn. Words passed between them, bhí siúite m, aighneas m, eatarthu. Words ran high, chuaigh an chaint chun teasaíochta; ghéaraigh ar an imreas. 2 (Speech) In word or thought, le smaoineamh nó le briathar. By word of mouth, i gcaint, ó bhéal. 3 To send s.o. word, scéala m a chur chuig duine. Word of the event, fios m an scéil. Word came that..., tháinig scéala go... To bring word of sth. to s.o., tuairisc ruda a thabhairt chuig duine. He left word, d'fhág sé scéala. 4 To give s.o. one's word, d'fhocal a thabhairt do dhuine. To keep one's word, to be as good as one's word, cur le d'fhocal. To break one's word, dul ar do chúl i d'fhocal. I give you my word for it, m'fhocal duit air. I will take your word for it, creidim ar d'fhocal é. He is a man of his word, fear dá fhocal é. He is not a man of his word, ní chuireann sé lena fhocal. To take s.o. at his word, focal duine a chreidiúint agus beart a dhéanamh dá réir. His word is as good as his bond, is leor de bhannaí uaidh a fhocal. My word! a thiarcais! cumhdach Dé orainn! 5 Word of command, focal an ordaithe. To give the word, an t-ordú, an focal, a thabhairt. The word went round, cuireadh amach an scéala. F: Sharp's the word! cuir bealadh faoi d'ioscaidí. 6 Theol: a The word of God, briathar Dé. b The Word was made Flesh, ghlac Mac Dé colann daonna.
word2, v.tr. Cuirim (smaoineamh, etc.) i bhfocail; cuirim focail ar (theachtaireacht, etc.). Thus worded, sna focail seo. Well-worded, dea-ráite.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I didn't understand a word, níor thuig mé aon fhocal.
Abuse of a word, mí-úsáid f focail.
He accompanied his words with a cuff, bhí an buille chomh luath leis an bhfocal aige.
To suit the action to the word, an gníomh a chur leis an bhfocal.
He affects big words, cumann sé caint ghalánta dó féin.
Without saying another word, gan an dara focal a rá.
Words in apposition, focail i gcomhaisnéis.
Words appropriate to the subject, caint atá (a bhí, etc.) ag cur leis an ábhar.
Apt word, focal fóirsteanach; focal tráthúil.
To articulate words, focail a rá go glinn, go soiléir.
Word taken in a bad sense, focal ar baineadh brí tháinsimh, tharcaisneach, as.
To bandy words with, bheith ag cocaireacht, ag cailicéireacht le.
Words that don't bear repeating, focail nach bhfuil inrásta a athrá.
I did not understand the bearing of his words, níor thuig mé an rud a bhí ar chúl na cainte sin aige.
To believe in s.o.'s word, meas fírinne a thabhairt ar fhocal duine.
Hard words break no bones, níl cáin sa bhuille nach mbuailtear.
The breaking of his word, fealladh m ar a fhocal.
Don't breathe a word of it, ná lig thar d'anáil é.
He is the by-word of the town, tá sé ina sceith béil ag an mbaile.
Words calculated to reassure us, caint ar dhóigh di misneach a thabhairt dúinn.
He is chary of his words, tá sé gann i gcaint.
Words of cheer, focal ugaigh; focal misnigh.
He chops his words, dealaíonn sé na focail ó chéile sa chaint, bíonn a chuid cainte go snoite aige.
To clip one's words, na focail a ghiortú.
Coarse words, caint gháirsiúil.
Cognate words, focail ghaolmhara.
Gram: Compound word, comhfhocal m.
To put a good, bad, construction on s.o.'s words, dea-, droch-chiall a bhaint as caint duine.
You stand convicted by your own words, as do bhéal féin a chiontaís tú féin.
A crack-jaw word, carcair f.
Cross-word (puzzle), crosfhocal m.
A word derived from Latin, focal a thagann ón Laidin.
His words are dictated by wisdom, is le barr gaoise atá sé ag labhairt.
To dishonour one's word, gealltanas a shéanadh, dul siar ar ghealltanas.
I doubt s.o., s.o.'s word, tá amhras agam ar dhuine, ar fhocal duine.
To drop a word in s.o.'s ear, focal a chur i gcluais duine.
Dying words, briathra deireanacha.
He ate his words, (i) shéan sé a fhocal; tharraing sé siar a ndúirt sé cheana; (ii) labhair sé trína fhiacla; bhí sé ag cogaint na bhfocal.
To edge in a word, geab a chur isteach.
F: I can't get a word in edgeways, níl caoi ar bith agam mo gheab a chur isteach.
That is what he said or words to that effect, murab é sin é a dúirt sé, sin é éirim a chuid cainte.
Words meant for effect, focail a dúradh le go ngabhfaidís i gcion.
Empty words, focail dhíomhaoine, caint gan aird.
One word was enough to prove that . . ., níor ghá ach, ba leor, an t-aon fhocal amháin chun a dheimhniú go. . .
Not a word escaped his lips, níor lig sé focal as a bhéal.
Words in everyday use, focail choitianta.
The exact word, an focal ceart go díreach.
He let the word fall, sciorr an focal uaidh.
Fateful word, focal fáistine.