PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She has now another husband, tá fear eile anois aici.
She had the child in her arms, bhí an leanbh ina bachlainn aici.
The love she bore him, an grá bhí aici dó.
She bore him three sons, bhí triúr mac aici leis. S.a. BORN.
He is, she has him, at her beck and call, tá sé ar teaghrán, ar adhastar, aici; níl le déanamh aici ach croitheadh air.
I bade her farewell, d'fhág mé slán aici.
s.Her latest born, an duine deireanach (clainne) a bhí aici.
It brought tears to her eyes, bhain sé deora as na súile aici.
That is not the case with her, ní hé a fhearacht sin aicise é.
She is no chicken. tá na géaráin curtha go maith aici.
She has no control over the children, níl aon smacht aici ar na páistí.
She has absolute control over him, tá sé faoi bhois an chait aici; tá slat mhéaraíochta aici air.
He cut her off with a shilling, níor fhág sé aici ach an scilling.
He loved her to distraction, bhí sé sa chéill ab aigeantaí aici.
Nau: She draws 20 feet of water, fiche troigh a tharraingíonn sí, an snámh atá aici.
She wore rings in her ears, bhí fáinní aici ina cluasa.
I found she had left the house, fuaireas go raibh an teach fágtha aici.
She had something in her fist, bhí rud éigin i gcúl a doirn aici.
She'll never see forty again, tá an daichead fágtha ina diaidh aici.
A gathered finger, méar f a mbeadh ábhar déanta aici.
F: Her face was glued to the window, bhí a haghaidh táite leis an bhfuinneog aici, greamaithe den fhuinneog aici.
Her teeth are gone, tá na fiacla caillte aici.
She hates to be contradicted, níl fulaingt ar bith ar cheartú aici.
She had a son, bhí mac aici; rugadh mac di.
She had heaps of children, bhí scúd mór páistí aici.
Her eldest son, an mac is sine aici.
If her courage fails, má theipeann an misneach aici.
It was not her first time, níorbh é an chéad uair aici é.
That son of hers, an mac sin aici.
She has a hold over him, tá sé i ngreim aici; tá ceangal éigin aici air.
She is at home on Tuesdays, Dé Máirt a bhíos cuairteoirí aici.
She is ill-disposed towards them, tá droch-chroí aici dóibh.
She has great influence over him, tá sé ar teaghrán aici; tá sé faoina haigne aici.
She kept her head down, bhí a ceann crom aici.
She is a lady, tá fios a béas aici.
She had laid by a tidy sum, bhí suim mhaith airgid curtha i dtaisce aici.
F: She leads him by the nose, tá sé ar teaghrán aici.
She is nothing like so pretty as you, níl aon bhreith aici ar bheith chomh gleoite leatsa.
She has a liking for John, tá cion aici ar Sheán.
She knows a little music, tá beagán eolais, eolas beag éigin, ar cheol aici.
She is of marriageable age, tá aois a pósta aici; tá sí aibí chun comóraidh.
She has three daughters to marry off, tá triúr iníon le cumhdach, le cur amach, aici.
She has made a good match, tá cleamhnas, margadh, maith déanta aici.
How old might she be? cén aois a bheadh aici?
F: She has taken his measure, tá sé measta go cruinn aici.
She couldn't make up her mind what to choose, ní raibh a fhios aici cad é an rogha ab fhearr di.
Commercially minded, agus intinn lucht tráchtála aige (aici, etc.).
She has made my life miserable, tá mo chroí cráite aici.
She is mistress of her subject, tá an t-ábhar ar a comhairle féin aici.
She is the mother of six, tá seisear clainne aici.