Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cáith · caite · cath · cith · craith
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
He must account for his conduct, caithfidh sé míniú a thabhairt ar a ghníomhartha.
It must be admitted that . . ., caithfear a admháil go . . .
His remarks were aimed at me, chugamsa a bhí sé ag caitheamh.
F: Caps were thrown aloft, caitheadh caipíní san aer.
It requires daily attention, caithfear freastal air gach uile lá.
I must away, caithfidh mé imeacht liom.
You must take the bad with the good, caithfidh tú glacadh leis an saol mar gheobhas tú é (bíodh sé maith nó olc),
She was thrown on her beam-ends, caitheadh ar a taobh í.
As you make your bed so must you lie on it, mar a chóirigh tú do leaba caithfidh tú luí uirthi.
Put that thought behind you, caith as do cheann an smaoineamh sin.
You must choose between them, caithfidh tú rogha a bhaint astu, rogha a dhéanamh eatarthu.
He is spitting blood, tá sé ag caitheamh amach seilí fola.
He was thrown out bodily, caitheadh amach é idir chorp is chleití.
Both of these stories must be told, caithfear an dá scéal seo a insint.
Every tub must stand on its own bottom, caithfidh duine seasamh ar a chosa féin.
Boys will be boys, caithfidh an óige a seal a thabhairt; ní féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga.
To bring s.o. to beggary, duine a chreachadh, duine a chur ag caitheamh na miotán.
I must brush up my French, caithfidh mé an mheirg a bhaint de mo chuid Fraincise.
The candle has burnt itself out, tá an choinneal caite,
Tossing the caber, caitheamh an chabair.
I must call at the shop, caithfidh mé bualadh isteach chuig, turas a thabhairt ar, an siopa.
The die is cast, tá an crann caite.
(Of pers.) He casts a garment, caitheann sé de ball éadaigh.
You must make certain of it, caithfidh tú a bheith cinnte de; caithfidh tú deimhin a dhéanamh de, é a chinntiú.
It is only a child's play in comparison to . . ., níl ann ach caitheamh dairteacha le hais ...
He was chucking his weight about, bhí sé ag caitheamh floscaí; bhí sé ag ligean an iomarca cúraim air féin.
We must take all the circumstances into account, caithfidh muid gach taobh den scéal a chur san áireamh.
You must clearly understand that . . ., caithfidh tú a thuiscint go cruinn go . . .
Rail: Smoking compartment, carráiste (caite) tobac.
I must concentrate on the result, caithfidh mé gan cuimhneamh ach ar an toradh.
It is out of copyright, tá a chóipcheart caite.
The fever must run its course, Caithfidh an fiabhras a sheal a thabhairt.
It must be said to his credit that..., caithfear a rá ar a thaobh go . . .
Speaking of other, former, days, ag caint faoin saol atá caite.
It is dead and done for, tá sé caite i dtraipisí.
(Of regulation) It has become a dead letter, tá sé ar ceal, caite i gcártaí.
You must abide by your decision, caithfidh tú déanamh de réir mar a shocraigh tú.
Past definite, an aimsir chaite chinnte.
The die is cast, tá na díslí caite, tá an crann curtha.
v.tr.All these people will have to be dined, caithfear dinnéar a thabhairt do na daoine seo go léir.
I have discarded my winter clothing, tá mo chuid éadaí geimhridh caite anuas agam.
He does himself well, caitheann sé go maith leis féin.
You must make do with what you have, caithfidh tú teacht lena bhfuil agat.
You must do without it, caithfidh tú teacht gan é.
To toss double or quits, caitheamh ar dhúbailt nó ar chothrom.
You must come back to earth, caithfidh tú an taibhreamh a chur uait.
To be at an end, (i) (of resources) bheith caite, ídithe, spíonta; (ii) (of time) bheith caite, bheith istigh; (iii) (of action) bheith críochnaithe.
When the period has ended, nuair a bheas an tréimhse istigh, thuas, caite.
Prudence is essential, caithfear bheith críonna.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News