Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aoin · cain · caoi · caoine · coin
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She began to cry, thosaigh sí ag caoineadh; dhírigh sí, chrom sí, ar chaoineadh.
He was blubbering like a child, bhí sé ag plobarsach chaointe mar a bheadh leanbh ann.
I could have wept, bhí mé i riocht caointe.
She had her cry out, chaoin sí uisce a cinn.
He cried his eyes out, chaoin sé uisce a chinn.
They cried their eyes out, chaoin siad uisce a gcinn.
He shed floods of tears, chaoin sé uisce a chinn.
The child is fretting for its mother, tá an páiste ag caoineadh le cumha i ndiaidh a mháthar.
She had a good cry, chaoin sí a sá.
We were charmed with their gracious reception, chuir a bhfáiltiú caoin aoibhneas orainn.
She wept, laughed, hysterically, tháinig baothracht caointe, baothracht gáire, uirthi.
In a gentle voice, de ghlór caoin.
To lament (for, over) sth., s.o., rud, duine, a chaoineadh, a chaoi.
To mourn for s.o., duine a chaoineadh.
I came near to crying, bhí mé i riocht caointe.
There is nothing to cry about, níl ábhar caointe ar bith ann.
To pipe one's eyes, gol, caoineadh.
Silky voice, guth caoin, síodúil.
Why do you cry so? cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh mar sin?
To sob out sth., rud a rá trí ghol, agus meacan an chaointe i do ghlór.
Soft voice, guth mín, caoin.
Soft words, briathra caoine, séimhe, mánla.
To start crying, cromadh ar chaoineadh.
Sweet temper, meon m caoin, lách.
In a tearful voice, agus meacan an chaointe ina (i do, etc.) ghlór; de ghlór golbhéarach.
To die unregretted, bás a fháil gan fear do chaointe a bheith i do dhiaidh.
On the verge of bursting into tears, i riocht caointe.
In a gentle voice, de ghlór caoin.
To wail over sth., rud a chaoineadh.
To have a good hearty weep, uisce do chinn a chaoineadh.
I could have wept to see them . . ., bhí mé i riocht caointe ag breathnú orthu . . .
To weep away the time, an t-am a chaitheamh ag caoineadh.
Tell me what are you crying for? inis dom cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?
Sow the wind and reap the whirlwind, ól gloine is caoin dabhach.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News