Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: comhaidh · cómhaith · comhbheith
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
Added to which, agus chomh maith leis sin.
Winter and summer alike, sa gheimhreadh chomh maith leis an samhradh.
He will do it better than any man alive, níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis.
He saw it also, chonaic seisean é chomh maith céanna.
As good as another, chomh maith le duine.
As good as any man, chomh maith le aon fhear beo, aon fhear cruthaithe.
As good as anybody, chomh maith le cách.
By day as well as by night, sa lá chomh maith leis an oíche.
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith agus d'fhéadfadh sé.
The best I could, chomh maith agus a tháinig liom.
He is like a bull in a china shop, bhí sé chomh maith agat tarbh a chur i dteach itheacháin.
I keep clear of him as far as possible, fanaim amach uaidh chomh maith agus a fhéadaim é.
He did not come up to her expectations, níor chruthaigh sé chomh maith agus a bhí sí ag súil leis.
This one compares favourably with the other one, tá sé seo gach uile orlach chomh maith leis an gceann eile.
You like it, so do I, taitníonn sé leat, agus liomsa chomh maith.
He hasn't a dog's chance of it, tá sé chomh maith dhó sneachta a chaitheamh ar a lorg.
He was drunk with success, bhí a chloigeann tógtha le chomh maith is bhí ag éirí leis.
Emulative of s.o., ag iarraidh bheith chomh maith le duine (eile), ag ceártas le duine.
Every bit as good as . . ., gach aon phioc, gach uile mhíle orlach, chomh maith le ...
It came up to my expectations, bhí sé chomh maith díreach agus a cheapas a bheadh.
He fell short of my expectations, loic sé orm, ní raibh sé chomh maith is bhí súil agam a bheadh sé.
For all the use he is he might as well go, ar scáth a bhfuil de mhaith ann bheadh sé chomh maith dhó imeacht.
My family is as good as his, tá mo mhuintirse chomh maith lena mhuintir siúd.
It is as good as new, tá sé chomh maith agus a bhí sé an chéad lá riamh; tá sé sa mhaith chéanna agus a bhí riamh.
To be inferior to sth., s.o., gan a bheith chomh maith le rud, duine.
He is in no way inferior to her, tá sé gach pioc chomh maith léi.
I can do it just as well as he can, tá mé in ann é a dhéanamh chomh maith céanna leisean.
(i) To fight with no less daring than skill, troid go cliste agus go cróga chomh maith céanna.
No less good, lán díreach chomh maith.
I must manage as best I can, caithfidh mé teacht i dtír chomh maith agus thig liom.
(Of thg.) To come, be, up to the mark, bheith chomh maith is ba cheart.
We may, might, as well stay where we are, tá sé, bheadh sé, chomh maith againn fanacht mar a bhfuilimid.
As near as I can remember, chomh maith agus is cuimhin liom.
As good as the next, chomh maith le duine.
He’s not better than you, nor as good, níl sé níos fearr ná thú, níl ná chomh maith leat.
Other people have seen it, chonaic daoine eile chomh maith é.
Courage plus sense, ciall agus misneach chomh maith le chéile.
He worked to such good purpose that . . ., rinne sé a chuid oibre chomh maith agus go . . .
F: We can put up our shutters, tá sé chomh maith againn éirí as.
He deals in poultry as a side line, bíonn sé ag ceannach éanlaithe chomh maith lena cheannghnó.
Sch: Your papers are up to standard, tá do chuid páipéar chomh maith leis an gcothrom.
He writes as well as you, scríobhann sé chomh maith leat féin.
You may (just) as well stay, tá sé chomh maith agat fanacht.
You could just as well have stayed till to-morrow, d'fhéadfá chomh maith sin fanacht go dtí amárach.
As well, freisin, chomh maith, leis.
I want some as well, tá cuid de dhíth ormsa chomh maith le duine.
As well as, chomh maith le; i dteannta, le cois (ruda).
His enemies as well as his friends respected him, bhí meas ag a naimhde chomh maith lena chairde air.
Lame as well as blind, dall agus bacach chomh maith.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News