EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
next. I a. 1 Is gaire, is neasa, is deise,is foisce. The next room to us, an seomra is gaire dhúinn Her room is next to mine, tá a seomrasa taobh le mo cheannsa. The field next to mine, an pháirc atá sínte le mo pháircse. Seated next to me, ina shuí (suí) ag mo thaobh, le m'ais. The next house, an chéad teach eile. The next house but one, an dara teach ón teach seo. Next door. (i) s. The girl from next door, an cailín béal dorais; (ii) adv.phr.he lives next door, tá sé ina chónaí i mbéal an dorais (againn, etc.). 2 a (Of time) The next day, an lá arna mhárach; an lá ina dhiaidh sin, an lá dar gcionn. The next day but one, an dara lá ina dhiaidh sin. The next three days, na trí lá ina dhiaidh sin. The next instant, láithreach ina dhiaidh sin. The next morning, maidin lá arna mhárach. (Future time) Next year, an bhliain seo chugainn. By this time next year, faoin am seo arís. The year after next, faoi cheann dhá bhliain. On Friday next, next Friday, Dé hAoine seo chugainn. b (Of order) The next chapter, an chaibidil ina dhiaidh sin (seo), a leanas. Continued in next column, ar leanúint sa chéad cholún eile, To be continued in our next, tuilleadh san uimhir seo chugainn. The next time I see him, an chéad uair eile a fheicfeas mé é; ach go bhfeicfead arís é. F: What next! i gcuntas Dé! (In shop) What next, please? a dhath eile? Sch: Next (boy)! an chéad duine eile! Who comes next? cé atá ina dhiaidh sin? Next before me, next after me, go díreach romham, i mo dhiaidh. As good as the next, chomh maith le duine. c The next larger size (in shoes, etc.), an uimhir is mó ina dhiaidh sin. The next best thing would be to . . ., ba é an chéad rud eile ab fhearr . . . F: I got it for next to nothing, fuaireas ar ardaigh orm, ar leath-threascairt, é. There was next to no evidence, ar éigean a bhí fianaise ar bith ann. There was next to nobody at the meeting, ní mó ná go raibh, is ar éigean a bhí, aon duine ag an gcruinniú. 3 Jur: Next friend, neaschara m -d. Next of kin, neasghaol(ta) m(pl). II ► next, adv. 1 What shall we do next? cad é a dhéanfaimid anois? 2 When next you are that way, an dara huair, an chéad uair eile, a rachas tú an bealach. When I next saw him, an dara huair a chonaic mé é; nuair a chonaic mé arís é. III ► next, prep. In aice, le taobh. The carriage next the engine, an cóiste is gaire, is deise, don inneall. (Of clothing) Next the skin, in aice an chraicinn, leis an gcraiceann. F: The thing next my heart, an rud is deise do mo chroí.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To adjourn sth. to, till, the next day, for a week, rud a chur siar go dtí an chéad lá eile, go ceann seachtaine.
Cleanliness is next to godliness, is den ghlóire an ghlaineacht.
That comes on the next page, tá sé sin ar an gcéad leathanach eile.
To be concluded in our next, le críochnú sa chéad eagrán eile.
On the evening of the next day, tráthnóna lá arna mhárach.
I went there fasting next morning, chuas ann ar mo chéalacan an mhaidin dar gcionn.
You go next! bíse ar an gcéad duine eile!
To inform the next of kin, scéal a chur chuig an muintir.
(In dictating) 'Next line', líne nua.
Better luck next time! beidh lá eile ag an bPaorach!
Next Monday is Whit Monday, Dé Luain seo chugainn Luan Cincíse.
The next morning, the morning after, maidin lá ama mhárach; an mhaidin dar gcionn.
What is the next move? cad é an chéad rud eile atá le déanamh?
Next-door neighbours, comharsana béal dorais.
Flattery is next-door to lying, deartháir don bhréag an béal bán.
Ideas next-door to madness, smaointe atá ag bordáil ar mhearadh.
In the next place . . ., agus ansin . . .
Our house ranges with the next building, tá an teach seo againne ar aon líne leis an tógáil in aice leis.
Parliament will rise next month, scoirfidh an Pharlaimint an mhí seo chugainn.
Next to one's skin, le cneas.
He started back the next day, chas sé ar ais lá arna mhárach.
This time next year, faoin am seo, um an dtaca seo, an bhliain seo chugainn.
Next time, an chéad uair eile.
The very next day, an lá dar gcionn go díreach.
What next! a leithéid! chluin Dia sinn! b'ait liom sin!
Within the next five years, as seo go ceann cúig bliana.
The next world, the world to come, an saol atá le teacht.
This time next year, bliain ón am seo.
Next year, an bhliain seo chugainn.