PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
With one's feet wide apart, agus na cosa scartha.
To chase off after sth., imeacht sna cosa in airde i ndiaidh ruda.
It is raining in real earnest, tá sé ag fearthainn as ucht, as cosa i dtaca.
Feet fast in the mud, cosa i bhfostú sa lathach.
She felt her feet to be stone cold, mhothaigh sí a cosa chomh fuar le leac oighir.
To get under s.o.'s feet, dul faoi na cosa ar dhuine.
To sit at s.o.'s feet, (i) suí ag cosa duine; (ii) bheith mar dheisceabal ag duine.
Equit: The fore feet, na cosa tosaigh.
Sure-footed, daingean ar na cosa, ceaptha ar na cosa.
I missed my footing, d'imigh na cosa uaim.
(At) full gallop (of horse), ar cosa in airde; (of rider) agus srianta scaoilte.
He broke into a gallop, bhain sé as sna cosa in airde; scaoil sé leis féin sna cosa in airde.
To have, go for, a gallop, tamall cosa in airde a dhéanamh.
He galloped away, d'imigh sé leis ar cosa in airde.
To gallop back, filleadh ar cosa in airde.
He made his get-away, thug sé na cosa leis.
I felt my legs give (way) beneath me, bhraitheas na cosa ag lúbadh fúm.
To knock holes in an argument, na cosa a bhaint d'argóint.
To hoof it, a bhaint as na cosa; é a chrágáil.
To land on one's feet, teacht anuas ar na cosa.
To walk s.o. off his legs, na cosa a chaitheamh faoi dhuine.
It was a near thing, thug muid (sibh, etc.) na cosa linn ar éigean.
F: Rickety legs, cosa fpl laga.
The horse rose on its hind legs, d'éirigh an capall ar a cosa deiridh.
Shanks, cosa fpl, lorgaí fpl.
Mec.E: Shears, shear-legs, cosa fpl tógála.
He staggered in, isteach leis gan aon chos faoi, agus na cosa ag imeacht uaidh.
To make a stand against s.o., seasamh, cosa a chur i dtaca, in aghaidh duine.
To straddle (out) one's legs, na cosa a scaradh.
The men’s, the women's, the donkeys' feet, cosa na bhfear, na mban, na n-asal.
To ride (at) full tilt, imeacht sna cosa in airde.
To have a tingle in one's legs, drithlíní mpl a bheith sna cosa agat.
He tottered in, out, isteach, amach, leis agus na cosa ag imeacht uaidh.
His toes turn in, tá na cosa iompaithe isteach aige.
To turn out one's toes, na cosa a iompú amach.
His toes turn out, tá na cosa iompaithe amach aige.
Webbed feet, cosa scamallacha.
My legs are wobbly, tá na cosa ag lúbadh fúm.