PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He went a long way about, chuir sé timpeall mór air féin.
To accuse a person of sth., rud a chur i leith duine, a chasadh le duine, a chur síos do dhuine, a fhágáil ar dhuine.
To become acquainted with a person, aithne a chur ar dhuine.
To make oneself acquainted with sth., eolas a chur ar rud.
To make s.o.'s acquaintance, aithne a chur ar dhuine.
To throw a bridge across a river, droichead a chur ar abhainn.
To put, set, bring, call, sth. into action, rud a chur ar obair, ar siúl.
He brought the law into action, chuir sé an dlí ar siúl.
To put (sth.) out of action, (i) ainghléas m a chur ar (inneall, etc.); (inneall, etc.) a chur as obair, as ordú; (ii) (inneall) a chur ó mhaith.
To bring an action against a person, an dlí a chur ar dhuine; duine a thabhairt chun dlí.
To pay one's addresses to a lady, ceiliúr cumainn a chur ar bhean.
To address s.o., (i) araoid, forrán, a chur ar dhuine; (ii) caint a chur ar dhuine.
It admits of improvement, d'fhéadfaí feabhas a chur air.
A: To admonish s.o. of danger, duine a chur ar a fhaichill ar chontúirt.
To make advances to s.o., a chur chun tosaigh ar dhuine; dul chun cainte le duine (faoi chúis, etc.).
To advertise in a paper, fógra a chur ar pháipéar.
You needn't advertise the fact, níl feidhm ort an scéal a chur i gcluasa an tsaoil.
It would be advisable to lock the door, den chríonnacht an glas a chur ar an doras.
To affix a stamp to a letter, stampa a chur ar litir.
To affix a seal to a document, séala a chur ar scríbhinn.
To make s.o. afraid, eagla a chur ar dhuine.
To send, give, sth. back again, rud a chur, a thabhairt, ar ais.
The weather is against us, tá an aimsir ag cur orainn.
To warn s.o. against sth., duine a chur ar a fhaichill ar rud.
To set s.o., sth., agoing, duine, rud, a chur ar obair.
He staked his all, chuir sé a raibh ar an saol aige i ngeall (air).
To alter sth. for the worse, athrú chun olcais a chur ar rud.
To make an alteration in a dress, athrú a chur, a dhéanamh ar ghúna.
I was amused at it, chuir sé fonn gáire orm.
To make s.o. angry, fearg a chur ar dhuine.
If he has in anywise offended you, má chuir sé fearg ort ar dhóigh ar bith.
For external application, le cur ar an gcneas.
To apply to s.o. for sth., rud a iarraidh ar dhuine, iarratas ar rud a chur chuig duine.
To apply for a post, iarratas a chur isteach ar phost.
To make approaches to s.o., cur chun tosaigh ar dhuine.
To approach s.o., ceiliúr a chur ar dhuine.
The cat arched its back, chuir an cat cruit air féin.
Jur: To arrest judgment, bac a chur ar bhreithiúnas.
To question s.o. as to his motives, ceist a chur ar dhuine faoin údar a bhí aige.
You make me feel ashamed, (i) tá tú ag cur cearthaigh orm; (ii) tá tú ag cur náire orm.
To ask s.o. a question, ceist a chur ar dhuine.
To asperse s.o.'s good name, míchlú f a chur ar dhuine.
To cast aspersions upon s.o., míchlú f a chur ar dhuine.
To assign a task to s.o., ceann oibre a chur ar dhuine.
To set sth. astir, rud a chur ar obair, faoi shiúl.
To lead s.o. astray, (i) duine a chur ar seachrán; (ii) duine a chur chun drabhláis, i mbealach a bhasctha.
To attack s.o.'s rights, cur isteach ar cheart duine.
They gave him every attention, chuir siad gach cóir air.
Capital that can be made available, caipiteal is féidir a chur ar fáil.
To awaken s.o. to the sense of danger, an chontúirt a chur ar a shúile do dhuine.