Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: deach · deic · deoch · dreich · dáiche
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
deich could be a grammatical form of: each »
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To pay ten pounds on account, deich bpunt a íoc mar chuid den chuntas, mar ghlasíoc, ar chuntas.
To add (up, together) ten numbers, deich n-uimhir a shuimiú.
Three this year as against ten last year, trí cinn i mbliana i gcomórtas le deich gcinn anuraidh.
Ten years ago, deich mbliana go ham seo.
In another ten years, faoi cheann deich mbliana eile.
I have received another ten pounds, fuair mé deich bpunt eile.
She was at her best at thirty, i gceann a deich mbliana fichead bhí sí i mbláth a háilleachta.
I'll bet ten to one that . . ., cuirfidh mé deich gcinn ar an gceann go ...
He bid ten pounds for it, chuaigh sé deich bpunt ann, chuir sé deich bpunt é.
They cleared ten per cent., rinneadh deich faoin gcéad de bhrabach glan orthu.
It took him ten minutes by the clock, thóg sé deich nóiméad a chloig air.
He will be ten come January, beidh sé deich mbliana faoi Eanáir seo chugainn.
The total comes to ten shillings, deich scilling an t-iomlán.
To be ten feet deep, bheith deich dtroithe ar doimhne.
The ten digits, na deich bhfigiúr.
To do ten years (in prison), deich mbliana a chur isteach (i bpríosún).
Games: To be ten points down, bheith deich bpointe chun deiridh.
(Counting) Ten, eleven, twelve, a deich, a haon déag, a dó dhéag.
Not to exceed ten pounds, gan dul thar dheich bpunt.
It falls within article ten, tá sé i gceist in alt a deich.
Fifty years, deich mbliana agus dhá scór; leathchéad bliain.
To repay s.o. tenfold, a dheich n-oiread cúitimh a dhéanamh le duine; comaoin duine a chúiteamh faoi dheich leis.
To sell sth. for ten pounds, rud a dhíol ar dheich bpunt.
Ten degrees of frost, deich gcéim seaca.
He got ten years (in prison), gearradh deich mbliana príosúin air.
To give an average of ten, a deich a thabhairt mar mheán (uimhir).
Ten minutes gone and nothing done, deich nóiméad caite agus gan aon ní déanta.
The book has gone through ten editions, tá deich n-eagrán den leabhar curtha amach.
Chit good for ten shillings, nóta gur fiú deich scillingí é.
He is good for another ten years, mairfidh sé deich mbliana eile.
Ten minutes' halt, stad deich nóiméad.
Hart of ten, fia deich mbeann.
Ten days imprisonment, deich lá príosúnachta.
One in ten, ceann as na, sna, deich gcinn.
Ten years intervened, chuaigh deich mbliana thart.
Ten miles intervened between the two towns, bhí deich míle idir an dá bhaile.
Ten shillings a day and his keep, deich scilling sa lá agus a chothú.
(The sum) amounts to something like ten pounds, tá suas le deich bpunt ann.
Ten carriages in a line, deich gcarráiste as a chéile, i ndiaidh a chéile.
We made the whole distance in ten days, chuireamar an tslí uile dínn deich lá.
A matter of ten days, tuairim is deich lá.
Ten pounds means a lot to a poor man, is mór an ní deich bpunt ag fear bocht.
Ten minus eight leaves two, a deich lúide a hocht sin a dó.
Thirty years and more, breis agus deich mbliana fichead.
Ten pounds too much, deich bpunt de bharraíocht, le cois.
Near upon thirty men, i ndeas do dheich, suas le deich, bhfir fhichead.
Something in the neighbourhood of ten pounds, suas agus anuas le deich bpunt.
Ten o'clock at night, a deich a chlog san oíche.
Nine or ten years, a naoi nó a deich de bhlianta.
(Counting) Eight, nine, ten, a hocht, a naoi, a deich.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News