PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be (all) afire with desire to..., bheith ar lasadh le fonn chun...
I was amused at it, chuir sé fonn gáire orm.
Anxiety for knowledge, fonn m foghlama, íota f chun eolais.
If you are anxious to do it, má tá fonn ort a dhéanamh.
He is not very anxious to learn, níl fonn mór foghlama air.
v.tr.He was bellowing out a song, bhí sé ag gabháil fhoinn in ard a chinn is a ghutha.
I feel no desire to . . ., níl aon fhonn orm . . .
If you feel so disposed, má bhíonn an fonn ort; má thograíonn tú.
There was a general disposition among them to remain, bhí fonn ar a bhformhór fanacht.
This was meant as a draw, but he did not rise to it, d'fhonn é a bhaint amach a rinneadh é seo, ach ní bheadh aon roinnt aige leis.
As an experiment, by way of experiment, d'fhonn tástála.
They were fain to eat horsemeat, d'íosfaidís feoil chapaill féin (le fonn).
F: If you feel like doing it, má tá fonn ort é a dhéanamh.
I felt like crying, tháinig fonn goil orm.
P: He went at it like fun, thug sé faoi le fuinneamh, le fonn.
To eat sth, with gusto, rud a ithe le flosc, le fonn.
To hum an air, fonn a chrónán.
I am not in the humour to do it, níl fonn orm é a dhéanamh.
He is in no laughing humour, ní fonn gáire ar bith atá air.
To implant in s.o.'s breast the desire to do sth., fonn a chur ar dhuine rud a dhéanamh.
To yield to impulse, géilleadh don fhonn.
To be inclined to do sth., fonn a bheith ort rud a dhéanamh.
If ever you should feel so inclined, má bhuaileann an fonn sin riamh thú.
It is an inducement to sleep, chuirfeadh sé fonn codlata ar dhuine.
To jazz a tune, fonn a shnagadh.
Keenness on doing sth., fonn díbhirceach le rud a dhéanamh.
My revenge will keep, ní fhuaróidh ar m'fhonn díoltais.
I am in no laughing mood, níl aon fhonn gáire orm.
Ye who list to hear, sibhse ar fonn, toil, libh éisteacht.
To luxuriate in dreams, do shásamh a bhaint as brionglóidí, tú féin a thabhairt suas le fonn do bhrionglóidí.
The good weather put me in the mind for walking, chuir an uain mhaith fonn siúil orm.
I have no mind to do it, níl fonn ar bith orm a dhéanamh.
I was in the mood to write, bhí fonn scríbhneoireachta orm.
He was in no mood for laughing, is beag an fonn gáire a bhí air.
F: I will do it, when the spirit moves me, déanfaidh mé é nuair a thiocfas an fonn orm, nuair a bhuailfeas an tallann mé.
To move s.o. to laughter, fonn gáire a chur ar dhuine.
Nothing loath, le fonn agus le fuinneamh; gan leisce ar bith.
In order to do sth., chun, le, d'fhonn, rud a dhéanamh.
To pound out a tune on the piano, fonn a bhualadh ar an bpianó.
Desire for privacy, fonn m uaignis.
I state the fact with regret, agus ní le fonn adeirim é; agus is oth liom a bheith le rá agam.
F: To relish doing sth., rud a dhéanamh le fonn; sásamh a bhaint as rud.
I did it with reluctance, rinne mé é agus is beag dá fhonn a bhí orm, agus ní de mo dheoin é.
Th: To ring down the curtain, (clog a bhaint d'fhonn) an brat a ligean anuas.
Th: To ring up the curtain, (clog a bhaint d'fhonn) an brat a ardú.
I was seized with a desire to go home, bhuail fonn láidir chun dul abhaile mé.
To do sth. so as to annoy the neighbours, rud a dhéanamh d'fhonn buaireamh a chur ar na comharsana.
Mus: Song without words, fonn gan focail.
To strum a tune, fonn a ghreadadh.
I am strongly tempted to accept, tá fonn mór orm, is beag a bhéarfadh orm, glacadh leis.