PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(Intensive) Like one o'clock, go hiontach, thar cionn, thar barr.
Fine display, taispeántas iontach, thar barr.
We got on like a house on fire, d'éirigh thar cionn linn, réitíomar go hiontach le chéile.
He has a rare fund of perseverance, is iontach an bhuanseasmhacht atá ann.
He couldn't get over it, níorbh iontaí leis an sneachta dearg ná é.
F: He must have turned in his grave, is iontach nár tháinig sé ar ais ó mhairbh.
Highly amusing, iontach greannmhar.
It is surprising how little, how much, he knows about it, is iontach a laghad, a oiread, atá ar eolas aige ina thaobh.
Hullo! that's curious! dar fia! sin scéal iontach.
His insistence on his own way was remarkable, b'iontach an seasamh a bhí aige ar a chomhairle féin.
It is marvellous to me that . . ., is iontach liom go . . .
It is most remarkable, tá sé thar a bheith iontach.
That's nothing wonderful, níl a dhath iontach ansin; ní haon iontas é sin.
It was nothing (like) so wonderful as he imagined, ní raibh sé baol ar chomh hiontach agus a shamhlaigh sé.
A golden opportunity, deis iontach.
Infant prodigy, páiste iontach.
Strange to relate! más iontach le rá é!
To be very reticent about sth., bheith an-iontach i dtaobh ruda.
He is extremely selfish, tá sé iontach gar dó féin.
Startling resemblance, cosúlacht iontach.
I have a surprise in store for you, tá scéal iontach agam faoi do choinne.
Strange to say . . ., más iontach le rá é . . .
It is strange that he has not arrived yet, nach iontach nár tháinig sé go fóill.
It was entirely successful, d'éirigh leis go hiontach.
It is surprising that he should survive, is iontach an rud é a theacht slán.
Strange though it may appear, más iontach le rá é.
He showed great tolerance, b'iontach mar a d'éist sé.
He is a voluble talker, is iontach an sruth, an rith, cainte atá aige.
The wonder is that he found it, is é an chuid is iontaí den scéal go bhfuair sé é.
Wonderful to relate . . ., más iontach le haithris . . .