Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: long-term · lingthe · loime
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is ailing for a long time, is fada an lá ag éileamh, ag éagaoin, é.
I have been waiting for a long time, is fada ag fanacht mé.
I am a long time in doubt about that, is fada mé ag amhras faoi sin.
I have not seen you for a long time, is fada nach bhfaca mé thú.
He is at that game for a long time, is fada ar an ealaín sin é.
It will be a long time before I get over it, is fada go gcuirfead a chuimhne as mo cheann.
A good long time, a good while, tamall maith fada.
(Of invalid) He is lingering (on) a long time, is fada atá sé ag seadú.
It will take (us) a long time, tógfaidh sé i bhfad (orainn); bainfidh sé tamall maith asainn.
They are a long time, a long while (in) coming, is fada gan teacht iad.
It is a long time since I saw him, is fada nach bhfaca mé é; ní fhaca mé le na cianta é.
A long time ago, i bhfad ó shin.
It will be a long time before the agitation dies down, is fada go gciúnóidh an racán.
To wait for a long time, fanacht tamall fada; tamall fada a thabhairt ag feitheamh.
For a long time he was thought to be dead, ar feadh i bhfad ceapadh go raibh sé marbh.
For a long time past he had been contemplating this step, le fada roimhe sin bhí sé ag cuimhneamh ar an méid sin a dhéanamh.
It will not happen for a long time, is fada go dtarlóidh sé.
A plaguy long time, tamall diabhalta fada.
For a long time pre-war, i bhfad roimh an gcogadh.
It is a long time since I saw you, is fada nach bhfaca mé tú.
For a long period of time, ar feadh achair fhada.
He took a long time over it, chaith sé seal fada leis.
For a long time to come, go ceann i bhfad eile.
We haven't seen him for a long time past, is fada anois ó chonaiceamar, nach bhfacamar, é.
After a long time, (i) i gceann tamaill fhada ina dhiaidh sin; (ii) i bhfad ina dhiaidh sin.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News