PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is believed to have a chance, meastar go bhfuil seans aige.
Shall we see you there by any chance? seans ar bith go bhfeicfidh muid ansin thú?
The chances are that . . ., gach uile sheans go . . .
I did it on chance, rinne mé ar mo sheans é.
He stands a chance, tá seans maith aige; tá seans maith go n-éireoidh leis.
He hasn't the ghost of a chance of succeeding, níl seans dá laghad aige éirí leis.
He has even chances, tá seans cothrom aige.
He took his chance, (i) chuaigh sé sa seans; (ii) thapaigh sé a dheis.
To chance to do sth., rud a dhéanamh le seans.
He may conceivably have reached the summit, tá seans ann gur shroich sé an barr.
I dare say, creidim, gach uile sheans.
He did it at the risk of incurring their disfavour, rinne sé é agus seans ann go mbeidís díomuíoch dó dá bharr.
Expectations, seans m ar oidhreacht.
He has a fair chance of success, tá seans measartha maith aige go n-éireoidh leis.
By a fluke, de thaisme, le seans.
He tried his fortune, chuaigh sé sa seans.
He gambled on a rise in prices, chuaigh sé sa seans air go n-ardódh na luachanna.
He hasn't a ghost of a chance, níl seans faoin spéir aige.
I give you three guesses, tabharfad trí sheans duit é a chur amach.
You are not in it, níl seans ar bith agat.
The most likely candidates, na hiarrthóirí is fearr seans.
He will succeed as likely as not, gach seans go n-éireoidh leis.
He won't get a look-in, níl seans ar bith aige.
To try one's luck, dul san fhiontar, sa seans.
With luck he may get it, seans go bhfaighidh sé é, ach an t-ádh a bheith air.
It's mere chance, níl ann ach seans.
Fine opening for a young man, seans breá d'ógfhear.
Your horse ought to win, tá seans maith ag do chapallsa.
There ought to be some fun at to-morrow's meeting, seans go mbeidh spórt ag an gcruinniú amárach.
To consider the possibility of an event, cuimhneamh an bhféadfadh a leithéid tarlú. There is no possibility of my going there, níl seans ar bith go ngabhfad ann.
The plan has possibilities, tá seans ag an bplean; tá gealladh éigin faoin bplean.
Possibly he has heard of you, seans, b'fhéidir, gur chuala sé caint ort.
Without the remotest chance, gan seans dá laghad.
Remote prospect, seans fánach.
It isn't worth the risk, ní fiú é dul sa seans leis.
I’ll risk it, rachaidh mé sa seans leis.
To be in the running, seans a bheith agat.
To buy sth. on speculation, rud a cheannach sa seans.
I'll make you a sporting offer, seo dhuit tairiscint nach miste dul sa seans léi.
To trust to chance, to luck, dul i muinín an áidh, dul sa seans.
F: To tumble on sth., teacht ar rud de thaisme, de sheans.
I prefer a certainty to an uncertainty, is fearr liom bheith cinnte ná dul sa seans.
At a venture, faoi thuairim, ar sheans.
What a chance! a leithéid de sheans! cén seans é!
He has no chance whatever, níl seans ar bith aige.
Has he any chance whatever? bhfuil seans ar bith, aon seans in aon chor, aige?