PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is accustomed to going there, tá sé de nós aige dul ansin.
As he grew older, de réir mar bhí sé ag dul in aois.
He dashed down the street, chuaigh sé de rúid síos an tsráid.
To displace s.o. in s.o.'s affections, dul laistigh de dhuine eile; duine a dhealú ó dhuine eile.
To go part of the distance on foot, dul tamall den tslí de chois.
To do three miles on foot, dul trí mhíle de shiúl cos.
To dwindle (away), dul i léig de réir a chéile, leá de réir a chéile.
She is entitled to it, tá sé ag dul di.
It faded from memory, chuaigh sé i ndearmad de réir a chéile.
I find it impossible to read it, téann díom é a léamh.
To force one's way into a house, dul de láimh láidir isteach i dteach, briseadh isteach i dteach.
F: To freeze on to s.o., dul i ngreim i nduine, bheith sna sála de shíor ag duine.
He got fuddled, chuaigh an braon lastuas de.
He went on foot, chuaigh sé (ann) de shiúl cos, de chois.
He went within a hair's-breadth of it, chuaigh sé faoi aon de.
To hop over a wall, dul thar bhalla de léim.
To lope along, dul ar aghaidh de thruslóga, d'abhóga; truslóga a thabhairt; siúl romhat go scóipiúil.
I am at a loss to understand how he did it, tá sé ag dul díom a thuiscint conas a rinne sé é.
To make twenty nautical miles, dul de réir fiche míle farraige san uair.
I shall manage it somehow, rachaidh díom nó déanfad é.
It was a case of absolute necessity, ní raibh dul taobh anonn de.
As the year progresses, de réir mar a bhíos an bhliain á caitheamh, ag dul thart.
He raced down the street, chuaigh sé síos an tsráid de ruathar.
To rush into the room, dul de rúchladh isteach sa seomra.
To rush down. teacht anuas, dul síos, de rás.
To vault into the saddle, dul de léim sa diallait.
Blue that shades off into green, gorm atá ag dul chun glaise de réir a chéile.
F: To go on Shank's mare, é a chrágáil, dul ann de shiúl cos.
He turned somersault, (i) chuaigh sé de léim thar a chorp; chuaigh sé tóin thar cheann; rinne sé cleas an chuaille; (ii) (accidental) cuireadh thar a chorp é. Av: Iompú m tóin thar ceann.
To splash into the water, dul de phleist san uisce.
To spring over a ditch, dul de léim thar dhíog.
It sticks in my throat, téann díom a shlogadh.
F: To reckon happiness in terms of worldly success, sonas a mheas de réir dul chun cinn sa saol.
He threw himself into the fray, chuaigh sé de sciuird sa troid.
Mil: To go over the top, dul de dhroim trinse.
I can’t understand why . . ., téann díom a thuiscint cad chuige ...
To vault into the saddle, dul de léim glan oscartha sa diallait.
To venture out of doors, dul taobh amach de dhoras.
The moon is on the wane, tá an ghealach ag dul di, ag dul ar gcúl.
To weather a ship, dul taobh na gaoithe de long; dul amach os cionn loinge.
It is my wont to go there, tá de nós agam dul ann; is gnách liom dul ann.