Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: arraing · atarraing · tarraingí · tarraingt · turraing
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is about time, (i) tá sé ag tarraingt ar an am; (ii) Iron: is mithid é.
To act adversely to s.o., tarraingt, oibriú, in aghaidh duine.
The boys are after your apples, tá na buachaillí ag tarraingt ar do chuid úll.
They cannot agree, ní féidir leo réiteach, tarraingt, le chéile.
Draw any two cards, tarraing dhá chárta ar bith.
The appeal of the sea, tarraingt f na farraige.
We are approaching Dublin, táimid ag tarraingt isteach ar Bhaile Átha Cliath.
He attracted the attention of the crowd, tharraing sé umhail na ndaoine air féin.
A magnet attracts iron, tarraingíonn an maighnéad an t-iarann.
F: He has an axe to grind, ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin, ag tochras ar a cheirtlín féin, atá sé.
They are on bad terms, níl siad ag tarraingt le chéile.
v.i.To bear down on sth., tarraingt caol díreach ar rud.
To make a bee-line for sth., tarraingt caol díreach ar rud.
It begets trouble, tarraingíonn sé trioblóid.
He was homeward bent, bhí sé ag tarraingt, ag tabhairt aghaidh, ar an mbaile.
He was breathing hard, (i) bhí sé ag tarraingt na hanála go hanacrach; (ii) bhí saothar air.
He was breathing heavily, (i) bhí sé ag tarraingt na hanála go hard; (ii) bhí anáil mhaslach aige, bhí saothar air.
Breathe in the air, tarraing d'anáil isteach.
You have brought it on yourself, tú féin a tharraing ort féin é.
It brought forth complaints, tharraing sé clamhsáin.
Bring up your chair to the fire, tarraing do chathaoir anuas chuig an tine.
She gave her hair a comb, tharraing sí an chíor trína gruaig.
He compromised himself, tharraing sé amhras air féin.
He made himself conspicuous, tharraing sé aghaidh na ndaoine air féin.
The shop draws plenty of custom, tá an-tarraingt, glaoch go leor, ar an siopa sin.
The means at my disposal, (i) an mhaoin a bhfuil tarraingt agam air; (ii) na deiseanna atá agam.
He distinguished himself by . . ., ba chuid suntais é de bharr . . ., tharraing sé clú air féin le ...
House divided against itself, teaghlach ina mbeadh imreas, nach mbeadh ag tarraingt le chéile.
We have just enough to do on, níl againn ach tarraingt ár láimhe.
To go on the dole, a bheith ag tarraingt cúnamh dífhostaíochta.
He walks with a drag, tá tarraingt ann.
He drags his feet, bíonn sé ag tarraingt a chosa ina dhiaidh.
Why do you drag up that old story? cad chuige a bhfuil tú ag tarraingt anuas an tseanscéil sin?
Draught horse, capall m tarraingthe.
(Induced) draught (of chimney), tarraingt f.
(Of play, etc.) It was a (great) draw, bhí an-tarraingt daoine air, bhí an-tóir air.
Abs.To draw upon savings, tarraingt as airgead taisce.
Mil: He drew the enemy's fire, tharraing sé lámhach an namhad air féin.
To draw the tea, an tae a chur ar tarraingt.
(Of the day, etc.) It is drawing to an end, tá sé ag tarraingt chun deiridh.
To let the tea draw, ligean don tae tarraingt.
Evening was drawing on, bhí sé ag tarraingt ar an oíche.
To draw up to the table, tarraingt isteach chuig an mbord.
Out of drawing, tarraingthe go holc.
With drawn curtains, agus na cuirtíní tarraingthe.
Drawn features, contanós m tarraingthe, snoite.
Go easy with the butter, tarraing go caol ar an im.
He embroiled the nation in war, tharraing sé cogadh ar an náisiún.
He appealed to the emotions of the crowd, tharraing sé croí an tslua.
To draw to an end, tarraingt ar an deireadh.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News