PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They came in two at a time, tháinig siad isteach ina mbeirt agus ina mbeirt.
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
He came about three o'clock, tháinig sé i dtrátha a trí a chlog.
Your cheque was most acceptable, tháinig do sheic isteach go binn; bhí fáilte is céad roimh do sheic.
Until the advent of the motor car, gur tháinig an gluaisteán amach.
I was affected by the sight of it, tháinig tocht orm nuair a chonaic mé é.
He arrived an hour ago, tháinig sé tá uair ó shin.
He became alarmed, tháinig scaoll air; scanraigh sé.
(Of pers.) He alighted on his feet, tháinig sé chun talaimh ar a dhá chois.
The hour came all too soon, róluath a tháinig an t-am.
He has greatly altered, is mór an t-athrú a tháinig air.
He came without books and pens, tháinig sé gan leabhar gan pheann.
He got angry, tháinig fearg f, olc m, air.
He got annoyed at me, tháinig rothán air liom.
I don't think any of them have arrived, ní mheasaim gur tháinig aon duine acu.
The boat, it appears, did not call at. . ., de réir cosúlachta, níor tháinig an bád isteach go ...
He was greeted with applause, tógadh gáir mholta (nuair a tháinig sé), cuireadh na gártha fáilte roimhe.
He did not come at the appointed time, níor tháinig sé ag an uair a bhí leagtha amach, a bhí ceaptha.
A prophet arose, tháinig fáidh.
A storm arose, tháinig sé ina stoirm.
Another difficulty arose then, ansin tháinig achrann eile sa bhealach.
I felt ashamed, tháinig náire orm.
He went ashy pale, tháinig dath an bháis air.
A look of blank astonishment came over his face, tháinig leathadh súl air le hiontas.
He came in at the window, isteach an fhuinneog a tháinig sé.
The cat set up its back, tháinig colg ar an gcat.
He got his back up, tháinig stuaic air.
They banded together, tháinig siad le chéile.
Has any one been? ar tháinig aon duine?
The wine beaded, tháinig boilgeoga ar an bhfíon.
I come on behalf of Mr. X, óna leithéid seo a tháinig mé.
They attacked the army from behind, tháinig siad ar chúla an airm is d'ionsaíodar iad.
Those to whom you owe your being, an mhuintir ónar tháinig tú.
Belated traveller, taistealaí ar tháinig an oíche air.
He came up from below, tháinig sé aníos. S.a. DOWN3 I 2
The best I could, chomh maith agus a tháinig liom.
He looked as black as thunder, tháinig néal crochadóra air.
(Of pers.) He blanched with fear, tháinig dath bán air le heagla.
He looked blank, tháinig dreach iontais air. S.a. ASTONISHMENT.
He blazed up, tháinig lasair feirge ann.
It's in his blood, tháinig sé abhaile leis.
It burst into bloom, tháinig bláth air.
The tree blossomed, tháinig bláth ar an gcrann.
He had a fit of the blues, tháinig tallann ghruama air.
He blundered upon the truth, tháinig sé ar an bhfírinne de thaisme.
They came in a body, tháinig an t-iomlán acu isteach in éineacht,
This letter came like a bomb-shell, tháinig an litir seo mar a thitfeadh splanc orainn.
Both John and I came, John and I both came, tháinig mé féin agus Seán, tháinig mé féin agus Seán chomh maith liom.
F: He bounced me, tháinig sé go tobann orm.
He broke forth into rage, tháinig racht mearaithe air.