Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: today · toady · toddy · day · stoda
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for today »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
to-day, adv. & s. Inniu, an lá inniu. Today week, (i) (fut.) seachtain ó inniu; (ii) (past) seachtain is an lá inniu. Eleven years today, aon bhliain déag cothrom an lae inniu. Today's paper, páipéar an lae inniu. He is here today and gone tomorrow, tá sé anseo inniu agus ansiúd amárach.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To adjourn sth. to, till, the next day, for a week, rud a chur siar go dtí an chéad lá eile, go ceann seachtaine.
The day after to-morrow, amanathar, arú amárach.
To come on alternate days, teacht gach dara, gach re, lá.
He is not any better to-day, níl feabhas ar bith inniu air, níl sé pioc níos fearr inniu.
To arrange a day for . . ., cinneadh ar lá do . . .
(Ill, diseased) She is very bad to-day, tá sí go han-dona inniu.
To bid s.o. good-day, an t-am de lá a bheannú do dhuine, beannú do dhuine.
The day was beginning to break, bhí an lá ag tosú ag breacadh, ag fáinniú.
It carried me back to the days of my youth, thug sé m'óige ar ais chugam.
He used to write to me on a certain day, bhíodh lá áirithe aige le scríobh chugam.
To make s.o. comfortable for the rest of his days, a dhóthain a thabhairt do dhuine go deireadh a shaoil.
The day after to-morrow, arú amárach, amanathar.
Day by day, from day to day, ó lá go lá.
F: To name the day, lá an phósta a shocrú.
At, to, this (very) day, go dtí an lá atá inniu ann.
In days to come, san am atá le teacht.
To decide upon a day, ainm a chur ar lá, lá a cheapadh.
To my dying day, go lá mo bháis, go dté mé i dtalamh.
It is early days yet to make up one's mind, tá sé pas luath fós ag duine a aigne a dhéanamh suas.
She is on edge to-day, tá sceideal inniu uirthi.
To fall on evil days, titim in umar na haimiléise.
There was a flare-up at the fair to-day, chuaigh an lasóg sa bharrach inniu ar an aonach.
A fortnight ago to-day, coicís is an lá inniu.
To get through the day, an lá a chaitheamh, a chur isteach.
I am going out to dinner to-day, íosfaidh mé mo dhinnéar amuigh inniu.
Mrs. X. is not at home to-day, (i) níl Bean X. sa bhaile inniu; (ii) ní lá cuairteoirí ag Bean X. é seo.
The factory is idle to-day, tá an mhonarcha ina stad inniu.
It is late in the day to change your mind, tá sé ródhéanach agat intinn eile a dhéanamh.
To give s.o. three days' law, trí lá cairde a thabhairt do dhuine.
A day to look back to! lá a mbeidh cuimhne air!
To do a day's march, máirseáil lae a dhéanamh.
To name a day, lá a cheapadh; ainm a chur ar lá.
To keep the day open for s.o., an lá a choinneáil faoi réir do dhuine.
I am (all) on my own to-day, tá mé liom féin inniu; tá mé i m'aonar inniu.
To profane the Sabbath(-day), saoire an Domhnaigh a bhriseadh.
What is the programme for to-day? céard atá leagtha amach don lá inniu?
To put sth. by for the rainy day, rud a choigilt faoi choinne na coise tinne.
Your letter reached me to-day, fuair mé do litir inniu.
Abs.She is not receiving to-day, ní lá cuairteoirí aici inniu é.
Abs.Reckoning from to-day, ag áireamh ó inniu amach.
They are running an extra train to-day, tá traein bhreise inniu acu.
I ran into him to-day, casadh orm inniu é.
To say good-day to s.o., beannú do dhuine.
I did not expect to see this day, ní raibh aon tsúil agam go mbéarfadh an lá seo orm.
I am not (quite) myself to-day, níl mé istigh liom féin inniu.
To set a date, a day, dáta a shocrú, ainm a chur ar lá.
I feel shaky to-day, tá mé crólag inniu.
To be employed by the day, bheith ag obair de réir an lae.
F: To pass the time of day with s.o., beannú do dhuine; forrán cainte a chur ar dhuine.
From day to day, ó lá go lá.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News