EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
worse. 1 a. & s. (An ceann) is measa; níos measa(than, ná). I am a worse player than he, is measa an t-imreoir mise ná é. Was he worse than John? ar mheasa é ná Seán? Worse condition, bail is measa fós. This is worse and worse, tá sé seo níos measa ná riamh, ag dul in olcas i gcónaí. To make matters worse ..., mar bharr ar an donas ... It might have been worse, d'fhéadfadh an scéal a bheith ní ba mheasa. He escaped with nothing worse than a fright, níor éirigh aon ní dó ach a scanrú. He is in a worse way than you, is measa an chaoi atá airsean ná ortsa. So much the worse for him, is amhlaidh is measa dó é. He was none the worse for it, níor mheasade é é. I think none the worse of him because he accepted it, ní lúide mo mheas air as a ghlacadh. S.a. DRINK1 2, LUCK 1, WEAR1 1. 2 s. a But there was worse to come, ach ba mheasa fós an ní a bhí le teacht. I have been through worse than that, bhí mé i mbearna ba chaoile ná sin. b A change for the worse, athrú m chun donachta. S.a. BETTER1 1. 3 adv. To get worse, dul chun donachta, in olcas; éirí níos measa. He behaved worse than ever, ba mheasa a iompar ná riamh; d'iompair sé é féin ní ba mheasa ná riamh. You might do worse, is iomaí rud ba mheasa a dhéanfá. I think worse of him, is lú mo mheas air. He is worse off than ever, is measa as anois ná riamh é.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
All the better, the worse, is amhlaidh is fearr, is measa, é.
To alter sth. for the worse, athrú chun olcais a chur ar rud.
To alter for the worse, dul chun donachta.
He is going from bad to worse, tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach.
F: His bark is worse than his bite, is troime a bhagairt ná a bhuille.
He became worse, better, chuaigh sé chun donachta, chun feabhais.
To do sth. for better or worse, rud a dhéanamh, maith olc an lorg a bheas (bheadh) air.
To take s.o. for better or worse, glacadh le duine le maith nó le holc.
A change for the worse, iompú donachta.
Confusion worse confounded, barr ar an mearbhall.
To be in drink, the worse for drink, under the influence of drink, bheith óltach, bheith ar meisce, braon sa choiricín a bheith agat.
That would be even worse, ba mheasa fós é sin.
This news goes to make matters worse, is measa an cás de bharr an scéil seo.
F: He was in liquor, the worse for liquor, bhí braon maith ar bord, faoin tsúil, aige.
Worse luck! mar bharr ar an donas!
Much worse, i bhfad níos measa.
I like him none the worse for it, ní lúide mo mheas air é.
He is nothing the worse for it, (i) níl seisean thíos leis dada; (ii) ní donaide é é.
He is worse off, níos measa atá sé.
Nobody was a penny the worse, ní raibh aon duine orlach ní ba mheasa leis.
I never spent a worse day, níor chuireas lá ba mheasa isteach riamh.
F: It was ten times worse, ba sheacht measa é.
(Of dress, etc.) It is the worse for wear, tá séala a chaite air; tá sé smolchaite.