DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
aidiacht shealbhach sa tríú pearsa le hainmfhocal (a bhaile agus a áit, a baile agus a háit, a mbaile agus a n-áit)
aidiacht shealbhach sa tríú pearsa le hainmneacha briathartha (á chosaint, á cosaint, á gcosaint; bhí sé á gceannach; bhí siad á gceannach aige)
faireog mhór sa chorp agus leacht searbh inti a ghlanann an fhuil
a bhfuil aer breá ann; éadrom sa chroí agus san aigne; giodamach
éadrom sa cheann; róthógtha san intinn
oscailt nó poll an-domhain sa talamh, duibheagán
trialacha ceimiceacha sa seansaol ag iarraidh ór a dhéanamh de mhiotail eile
bád a choinneáil sa bhall céanna ar an uisce; fanacht ar foluain gan chorraí san aer
(sa ghramadach) ainm duine nó ruda (mar shampla, is ainmfhocail iad buachaill, Seán, capall, áit)
(sa ghramadach) an rud a dtugann an briathar faisnéis faoi
an bád sa Bhíobla a shábháil Naoi agus a theaghlach agus na hainmhithe a bhí inti ó bhá sa Díle
brath, mothú (airím uaim iad; d'airigh mé sa láthair é; airím chugam féin); cloisteáil (níor airigh mé a leithéid riamh)
ball ar bith den chruinne a bhfuil spás ann do dhuine nó do rud; achar atá curtha ar leith do ghnó áirithe (áit cathaoireach); comharsanacht (duine ón áit); sealúchas (teach agus áit); suíomh áirithe (m'áit sa rang; tá sé as áit)
siúnta idir dhá chuid de rud (ar nós glúin, rúitín, ailt na méire, etc.); dual (in adhmad); airteagal (i gconradh); aiste scríbhneoireachta; an agus na sa Ghaeilge
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
crúca trom iarainn ar shlabhra nó ar chábla i mbád (Nuair a scaoiltear amach é greamaíonn an crúca sa talamh agus coinníonn sé an bád ina háit)
ón aird thiar; ón taobh thiar (tar aniar ó mo chúl); ó bheith sínte siar (d'éirigh sé aniar sa leaba); chugat féin (tá teacht aniar ionat)
ón áit thíos; ó íochtar tíre; ó áit íseal sa saol; tagtha ar barr talún (tá an geamhar aníos)
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
go dtí an taobh thall, sall; amach (anonn sa lá)
ón áit thuas; íslithe (tá luach an stoic anuas); i dtagairt (ní mise a tharraing a ainm anuas); ar bharr (cuir éadach anuas air); sa mhullach (tá m'athair anuas orm)
= an2 san aimsir chaite agus sa choinníollach (ar bhris sí é? ar mhaith leat é?)
ríog phéine, greim sa chliathán
bolgadh nó séideadh sa chorp de bharr buille nó tinnis
rud éigin le malairt a chothromú; rud sa bhreis
crúca, baclainn; píosa adhmaid nó miotail sáite i mballa nó sa talamh le rudaí a chrochadh air nó a cheangal de
craplaithe sa lámh; gann i gcuidiú
cluiche, coimhlint; cluiche iomána; cúl scórála (báire a chur); an spás idir na cuaillí a bhíonn mar sprioc i gcluichí áirithe (cé a bhí sa bháire acu?)
fíochán snáithíneach solúbtha feola a cheanglaíonn na cnámha dá chéile sa chorp
mála líonta d'aer te nó de ghás a éiríonn in airde sa spéir
duine nó ainmhí atá geal bán sa ghruaig nó san fhionnadh agus bándearg sna súile
file nó rannaire sa seansaol
ach sa bheag, nach mór (beagnach céad ceann; iad go léir beagnach)
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
scoilt sa bhéal uachtarach mar a bhíonn i mbéal giorria
scríbhinní diaga na gCríostaithe sa Sean-Tiomna agus sa Tiomna Nua
(le sláinte) feabhas; méadú (biseach ar theaghlach, ar theacht isteach, ar phraghsanna); ús, fuilleamh (deich faoin gcéad de bhiseach ar airgead sa bhanc)
rud beag bídeach beo sa chorp, miocrób; frídín (a tharraingíonn galar go háirithe)
milis sa teanga; plámásach
log sa chorp idir an bolg agus an cheathrú; cuas
iris nó leabhar a bhfoilsítear eagrán di uair sa bhliain
suim airgid a íoctar uair sa bhliain
stua álainn le dathanna éagsúla a bhíonn le feiceáil sa spéir nuair a shoilsíonn an ghrian tríd an bhfearthainn, tuar ceatha
lámh oscailte; lán láimhe (bos uisce); boiseog (bos sa leiceann); páirt leata de rud (bos camáin, bos maide rámha)
leithead mór éadaigh faoi bhlaincéid sa leaba
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)