DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
aerárthach atá níos éadroime ná an t-aer
an t-oifigeach is airde céim i gcabhlach
i ndán do (an rud atá in áirithe do dhuine); fágtha le haghaidh (tá an t-airgead sin in áirithe don chíos; chuireamar suíocháin in áirithe dúinn féin)
céannacht duine nó ruda a bheith agat toisc gur bhuail tú leis cheana; aitheantas a thabhairt do (ní aithníonn sé a ghaolta feasta); idirdhealú (aithint idir an mhaith agus an t-olc); brath, mothú (d'aithin sé go raibh fearg orm)
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
mar, cosúil le (amhail an t-éan i gcrann, amhail is béas dóibh)
an t-aer a thógtar isteach sna scamhóga agus a bhrúitear amach arís; aer (tabhair m'anáil dom); tionchar (faoi anáil an Bhéarla)
an spiorad nó an chuid inmheánach den duine a chreidtear a mhaireann tar éis a bháis; beatha (thit an t-anam as); brí, fuinneamh (cuir anam ionat féin)
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
rud amháin ann féin; caighdeán tomhais (is é an punt an t-aonad airgid atá in Éirinn)
a bhaineann le haon, an chéad (an t-aonú lá)
an t-aer atá thart ar an domhan
an t-ábhar amh as a ndéantar rud
olann shíodúil an-bhog nó an t-éadach a dhéantar aisti
an t-uisce agus an dramhaíl a bheireann camraí chun siúil leo
gearradh cánach; an t-airgead a fhaightear as gearradh cánach
an uimhir 100 nó cúig fichid; aois (an fichiú céad); 120 (céad éisc, ubh etc.); an t-ochtú cuid d'acra (céad talún); 112 pt
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
(t céin in abairtí) achar ama, aois (na cianta ó shin)
samhail ar scannán ina bhfuil an trom agus an t-éadrom bunoscionn leis an tslí ina bhfuil siad sa nádúr
cuid d'abairt a bhfuil ainmní agus faisnéis dá chuid féin ann (mar shampla - cé go raibh an t-uisce fuar chuamar ag snámh - clásal atá sna focail sa chló iodálach); cuid ar leith de chonradh etc.
cloch ar thaobh bóthair a thugann an t-achar ina mhílte go dtí áit
ball miotail a dhéanann cling nuair a bhuailtear é, cloigín; gléas a thomhaiseann agus a léiríonn an t-am
an t-ábhar a thugann an dath glas ar phlanda
déanamh suas, áireamh, cuntas (comhair amach an t-airgead; ba mhór an comhaireamh daoine é)
an tráth no an t-am céanna
an t-aon bheach bhaineann a bheireann uibheacha i gcoirceog
an t-oifigeach i mbun an chúisimh i gcúirt dlí
cur chomh fada le (daoine a chur chun boird); cur os comhair (cuir chuige an t-arán); úsáid le haghaidh (cuir chun tairbhe duit féin é); tabhairt faoi (cur chun oibre)
crann mór láidir a bhfásann dearcáin air; an t-adhmad a fhaightear as
ar dhath na fola; (le tine) ar lasadh; (le cneá) oscailte; (le talamh) treafa nó iompaithe; fuilteach (bhí sé ina chogadh dearg); amach is amach (bhí an t-ádh dearg air)
an snáth a bhíonn sínte ar a fhad sa seol fíodóra (i gcomórtas leis an snáth a bhíonn trasna, is é sin an t-inneach)
ceart nó buannacht shinsearach; ceart oidhreachta; eastát sinsearach (seilbh a fháil ar do dhúchas); d'áit nó do thír féin (filleadh ar do dhúchas); muintearas, cóngas (ní dár ndúchas iad); oidhreacht, luí nó claonadh nádúrtha (tá an t-éitheach sa dúchas aige); staid nádúrtha nó fiáin, fiántas (madra dúchais); a tháinig ó shinsear (ceart dúchais, teanga dhúchais)
gluaiseacht (dul abhaile, anonn is anall); imeacht (cá ndeachaigh sé? rachaimid amach an sliabh); sroicheadh (bhí an t-uisce ag dul go glúine orm); rith (conas tá an scéal ag dul? seo mar a théann an chéad véarsa); cosaint (chuaigh sé pingin mhaith airgid); gabháil, tosú (dul a chodladh, ag léamh); a éirí le (chuaigh agam é a dhéanamh); léamh, tuiscint (is deacair dul amach ar an bhfear sin); teacht (chuaigh feabhas air); titim (ormsa a chuaigh an costas, an milleán); seasamh (is gearr le dul orainn é); teip, múchadh (tá sí ag dul as go mór; tá an lampa ag dul as; chuaigh díom é a dhéanamh); bheith dlite (bhí an méid sin ag dul dó); réiteach le (chuaigh an t-athrú bia go maith dó); imeacht as (dul faoi na gréine); luí isteach le (chuaigh sé sna saighdiúirí); athrú (ag dul i léig, in olcas; ag dul ó mhaith; dul le buile) le cosúlacht nó réiteach (lena máthair a chuaigh sí; ní théann an dá dhath le chéile; téann an deoch síos go maith leis); ceiliúradh, loiceadh (ná téigh siar ar d'fhocal; dul ar gcúl); briseadh, sárú (dul thar fóir; ní rachadh sé thar a fhocal; níl aon dul thairis); polladh (chuaigh an fuacht tríom); caitheamh (ag dul trí airgead); seans (níl aon dul aige air); leagan (dul cainte); bail (ar an dul ina raibh sé); am, ócáid (den dul seo; ar an gcéad dul síos)
ball nua d'eagraíocht (an t-arm nó na Gardaí, mar shampla)
aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear; feisteas, fearas (earra agus éide); airteagal, éadáil (is olc an t-earra é)
an t-ainmhí ceathairchosach is mó amuigh, craiceann an-ramhar air agus srón mhór fhada
iomaire ard fada talún a d'fhág an t-oighear ina dhiaidh fadó
an t-aer íonghlan os cionn na scamall; leacht soghalaithe gan dath a d'úsáidtí mar ainéistéiseach
árthach sciathánach atá níos troime ná an t-aer ach ar féidir léi eitilt
foirm den bhriathar sa Laidin, etc. a léiríonn gurb é an t-ainmní cuspóir an ghnímh
leathan, scóipiúil, spásmhar; flúirseach (níl an t-airgead fairsing); ginearálta (eolas fairsing); fial flaithiúil (croí fairsing)
gléas beag ceoil a dhéanann glór cosúil le fead; pilibín (an t-éan, óna fhead)
gléas meicniúil agus lanna rothlacha ann a fhuaraíonn an t-aer; feisteas páipéir, síoda etc. i bhfoirm leathchiorcail a chorraítear anonn is anall leis an lámh chun siolla fionnuar a choinneáil leis an aghaidh
an t-uisce a thiteann ina bhraonta as na scamaill, báisteach; cur báistí
an t-arm, an t-aerfhórsa agus an cabhlach le chéile
an t-éan farraige is mó ar chóstaí na hÉireann