DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
an bheirt againn, agaibh, acu, le chéile
cluiche, coimhlint; cluiche iomána; cúl scórála (báire a chur); an spás idir na cuaillí a bhíonn mar sprioc i gcluichí áirithe (cé a bhí sa bháire acu?)
cén ceann nó duine díobh (cé acu is fearr leat? níl a fhios agam cé acu)
ceann nó ceann eile de phéire (déanfaidh ceachtar acu cúis)
stumpa nó bloc adhmaid, cloiche etc.; stoc (tá sé ina cheap magaidh acu); múnla gréasaí chun bróga a dhéanamh nó a dheisiú; mol rotha; bloc (ceap tithe, ceap oifigí); leaba (ceap plandaí)
cumann de lucht aon cheirde agus é d'aidhm acu a leas féin a chosaint agus a chur chun cinn
comhoibriú idir dhaoine (dul i gcomhar le duine; comhar na gcomharsan); páirtíocht (tá bád i gcomhar acu)
prionsabal daingean (dlí an nádúir, dlí Dé); cód rialacha le tír a rialú (cuid acu ón bparlaimint agus cuid eile bunaithe ar chleachtas); caingean, cúis (dul chun dlí le duine); prionsabal eolaíochta (dlíthe na ceimice); gnáthnós imeachta nó iompair (dlí an mhargaidh)
ciorcal samhailteach a ghabhann tríd an Mol Thuaidh agus an Mol Theas agus trí aon bhall eile is maith leat ar dhroim an domhain (Gabhann an príomhcheann acu trí Ghreenwich Shasana)
d'fhocal a thabhairt (gheall mé dó go rachainn ann); deimhniú, móidiú (déanfar é, geallaim duit; tá an bheirt acu geallta); cur in áirithe mar chinniúint, ordú (an rud a gheall Dia dúinn); fonn, fuadar (tá gealladh maith faoi)
cineál de mhála istigh sa chorp ina gcoinnítear an bia tar éis a ite go dtí go ndíleáitear é; fonn nó acmhainn ite (goile a bheith agat do rud; tá a ngoile acu)
gabháil ruda leis an lámh (beir greim air; rug sé greim muinchille orm); lán béil (cúpla greim feola; bain greim as an arán); cruachás (rug drochghreim air); smacht, ceannas (bíodh greim ar do chiall agat; tá greim daingean acu ar an tír); fostú (i ngreim sa talamh, i ngreim ag an eagla); freanga, ríog thinnis (tháinig greim i mo chliathán; greim an bháis); lúb fuála (greim snáthaide a chur i rud)
duine ar féidir leis roinnt rudaí a choinneáil ag gluaiseacht san aer gan ligean d'aon cheann acu titim
taobh amháin de bhileog pháipéir, pé acu scríobh nó gan scríobh a bheith air
duine fireann clainne; garsún, duine, diúlach (a mhic ó; mac mioscaise, aon mhac máthar acu)
comhartha, tuar (mana deor); dearcadh (an mana atá acu dúinn); abairt ghonta chun duine a spreagadh (ar nós Bí ullamh!)
ainm ar phlandaí de chineál an tornapa nó an chairéid a bhfuil fréamh fhada shocach acu
líon, uimhir, tomhas, suim (an méid airgid atá acu, an méid oibre a rinneadh, an méid agaibh atá i láthair)
nádúr, aigne (tá dea-mhéin acu dúinn); iompar (méin mhaorga)
bealach nó dóigh le rud a dhéanamh (modh oibre); iompar ceart (modh agus múineadh); urraim (modh don aois); measarthacht (dul thar modh le rud) (sa ghramadach) gné den bhriathar a léiríonn cé acu ráiteas, ordú, guí, etc. atá i gceist (modh táscach, ordaitheach)
rud deas a rá nó a deirtear faoi dhuine nó faoi rud (mol an óige, bhí moladh mór acu air); móradh (ag moladh Dé, moladh le Dia); comhairliú (mhol mé dó é a dhéanamh); cur chun tosaigh le haghaidh díospóireachta (rún a mholadh); breithiúnas (fágaim faoi do mholadh féin é); caint nó salm molta (moladh mairbh); aontú (ní raibh sé ach ag moladh leat)
gan a bheith claonta ar thaobh amháin ná ar thaobh eile; gan a bheith páirteach le ceachtar taobh; gan a bheith ceachtar acu fireann ná baineann (ó thaobh inscne)
paidir fhada ina n-aithrisítear 5 (nó 15) deichniúr d'Aivéanna agus an Phaidir roimh gach deichniúr acu agus Glóir do Dhia ina dhiaidh; cineál de shlabhra agus clocha air le cuntas a choinneáil orthu seo
comrádaíocht; comhar (tá an talamh i bpáirtíocht acu)
na cineálacha focal in abairt a ainmniú (ainmfhocail, forneacha, briathra etc.) agus a rá cén coibhneas atá acu le chéile
cibé (pé duine nó rud); cibé acu (pé olc maith é)
iasc sliogáin agus cúig phéire crúb air - ordóga an chéad phéire acu
leabhar ina bhfuil an Oifig Dhiaga le haghaidh gach lae, agus é le léamh acu siúd in ord rialta
dhá rud (leaca, etc.) a shocrú sa chaoi go mbíonn imeall ceann acu ag luí thar an gceann eile, mar thílí ar dhíon, etc.
éadálacha as long bhriste; an long féin (bád raice); lot, milleadh (tá an áit ina raic acu); racán, callán (raic a thógáil)
ceann ar bith de na pointí beaga geala i spéir na hoíche, go mór mór cinn a bhfuil suíomh seasmhach acu agus a thugann a gcuid solais féin uathu ar nós na gréine
ó thús aimsire, i gcónaí; choíche, go deo (go raibh tú riamh amhlaidh); (mar threisiú)(gach aon duine riamh acu)
rith, reáchtáil (riar cirt, gnóthaí); soláthar (ag riar don chléir); cur thart, roinnt (bia a riar ar dhaoine); díol freastail (tá riar a gcáis acu); cion, cuid (tar le do riar de)
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
sórt róba gan mhuinchillí a chaitheann baill d'oird chrábhaidh mar chuid dá n-aibíd; dhá chearnóg bheaga d'éadach olla a chaitear ar sreang thart ar an muineál sa tslí go mbíonn ceann acu ar ucht duine is an ceann eile idir na slinneáin, in ómós don Mhaighdean Mhuire, etc.
clisteacht ag déanamh ruda (pé acu as a foghlaim nó í a bheith sa duine féin); oilteacht gairme nó ceirde
scalladh; ciapadh, cúradh (tá mo chroí scólta acu); (le hadhmad) lúbadh, stangadh, scoilteadh le teas etc.
scríobadh, feannadh (scrios an mheirg, an craiceann, de); glanadh (scrios an focal sin); creachadh, bánú, díothú (tír a scriosadh; táim scriosta acu)
ainm ginearálta ar iasc farraige craosach, cuid acu ollmhór agus fíochmhar go maith, agus fiacla faobhracha ar nós an tsáibh acu
duine nach léir ar a ghné ná ar a ghotha cé acu a bhraitheann sé pléisiúr nó pian nó nach mbraitheann
iarsmaí ón seanreacht nó a mbeadh baint acu le duine marbh (taisí na naomh, na seancheall)
os do chionn, in uachtar, in áit níos airde (thuas an staighre; thuas sa spéir); in áit níos faide suas (an seomra thuas); sa deisceart (thuas i gCúige Mumhan); curtha suas (tá an díon thuas acu); á chaitheamh (ní raibh luid éadaigh thuas air); chun cinn, ar barr (an té atá thuas óltar deoch air)
i gcumhacht; i ngleic (i dtreis leis an namhaid); i gceist (an rud atá i dtreis eadrainn; tá rud éigin sa treis acu sin)
(le duine, rud) meáchan mór a bheith ann; tiubh (cré throm); raidhsiúil (bhí fómhar trom acu i mbliana); géar (gortú trom, cathú trom); dian (ná bí trom ar na páistí); caifeach (bheith trom ar bhróga, ar éadach; nach tú atá trom ar airgead); domhain, fuaimintiúil (ar chúiseanna troma tathagacha); ciaptha (is í m'intinn atá trom); torrach (trom ar leanbh); dú-, dorcha (trom gorm, trom dearg)