PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There are about twenty of them, tá timpeall is scór acu ann.
They were adequately supplied, bhí riar a gcás acu.
Mil: Their left flank was in the air, bhí an eite chlé gan chosaint acu.
Trades closely akin, ceirdeanna a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.
Closely allied industries, tionscail a bhfuil dlúthbhaint le chéile acu.
Amongst them are several who believe..., tá mórán acu a chreideas...
Not one amongst them believes it, ní chreideann oiread agus aon duine amháin acu é.
If any of them should come, má thagann aon duine acu.
I don't think any of them have arrived, ní mheasaim gur tháinig aon duine acu.
He acted as father to them, bhí sé mar athair acu.
He can sing with the best, tá sé inchurtha leis an gcuid is fearr acu ag ceol.
F: They have seen better days, bhí lá agus bhí rathúnas acu; daoine iad a baineadh as a gcleachtadh.
They are bitter enemies, tá an dubholc dá chéile acu.
The whole blessed lot of them, an t-iomlán dearg acu.
There is bad blood, ill blood, between them, tá seandíoltas acu dá chéile.
They went out bodily, chuaigh an t-iomlán acu amach in aon slua amháin.
They came in a body, tháinig an t-iomlán acu isteach in éineacht,
Subjects closely bound up with one another, ábhair a bhfuil baint mhór acu le chéile, ábhair atá fite fuaite le chéile.
He bulks large in their eyes, tá sé ina bhall mór acu.
He is a butt for their jokes, tá sé ina ula mhagaidh acu.
He is in their clutches, tá a lámh i ladhar an chasúir acu; tá sé faoi bhois an chait acu.
They were in command of the pass, bhí an mhám faoina smacht acu.
They have nothing in common, níl cosúlacht ar bith acu lena chéile.
They hold the land in common, tá an talamh i gcomhar, i bpáirt, acu.
Two closely connected trades, dhá cheird a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.
(Of pers.) They are well connected, tá gaolta ceannasacha ar a gcúl acu.
They are at daggers drawn, tá an chloch sa mhuinchille acu dá chéile.
I was debating in my mind whether . . ., bhíos ag cur is ag cúiteamh i m'aigne cé acu ...
I was distracted by them, bhí mé thar bharr mo chéille acu, scaipthe acu.
They are making a drudge of him, tá sé ina mhiúil acu.
They had drugged his wine, bhí deoch suain curtha acu ina chuid fíona.
Either of them, ceachtar acu, ceann ar bith acu.
Do you want either of these? an dteastaíonn ceachtar acu seo uait?
Do you want this one or that one? Either. Cé acu ceann atá uait, é seo nó é sin? Déanfaidh ceachtar acu mé.
Abs.They entertain a great deal, bíonn go leor ar cuairt acu.
F: Every man Jack of them, gach mac máthar acu.
They sell everything, tá gach uile shórt le díol acu.
Aliens are excluded from these posts, ní ceadaítear d'eachtrannaigh na poist seo a bheith acu.
They had given up expecting me, bhí a súil curtha díom acu.
Having expended all their bullets, nuair a bhí a gcuid piléar uile ídithe acu.
Few of them had travelled, corrdhuine acu a rinne taisteal.
He arrived first (of them), tháinig sé ar an gcéad duine (acu); is é is túisce (acu) a tháinig.
They are fond of each other, tá cion acu ar a chéile, tá siad báúil dá chéile.
There was a gang of them there, bhí nead acu ann.
They knew how to give and take, bhí ciall ranna acu.
They have no great opinion of him, níl aon an-mheas acu air.
They were hand in hand, bhí greim láimhe acu ar a chéile.
They live in harmony, tá teacht maith le chéile acu.
Which one will you have? cé acu ceann a thógfas tú?
He was talking over their heads, ní raibh ciall acu dá chaint.