EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
thuas dob & aid os do chionn, in uachtar, in áit níos airde (thuas an staighre; thuas sa spéir); in áit níos faide suas (an seomra thuas); sa deisceart (thuas i gCúige Mumhan); curtha suas (tá an díon thuas acu); á chaitheamh (ní raibh luid éadaigh thuas air); chun cinn, ar barr (an té atá thuas óltar deoch air)
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ón áit thuas; íslithe (tá luach an stoic anuas); i dtagairt (ní mise a tharraing a ainm anuas); ar bharr (cuir éadach anuas air); sa mhullach (tá m'athair anuas orm)
an chuid den chorp taobh thuas den mhuineál; meabhair, éirim aigne (fear a bhfuil an-cheann air); ceannaire, taoiseach (ceann teaghlaigh, ceann treora); barr (ceann tairne; ceann staighre, leapa); tús, tosach (ceann báid; chun cinn); deireadh (ceann téide); aonad (ceann amháin, dhá cheann)
an 4ú cuid de rud; an chos taobh thuas den ghlúin, leis, láirig; véarsa de dhán nó d'amhrán; lóistín saighdiúirí
áiléar nó urlár suíochán thuas go hard in eaglais nó in amharclann; seomra fada a bhfuil pictiúir crochta ann
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
an chuid ramhar den chos taobh thuas den ghlúin, ceathrú, leis
in airde, thuas; taobh in airde
taobh thuas, thuas, lasnairde
an chos taobh thuas den ghlúin nó a mhacasamhail ar ainmhithe, ceathrú (leis chaoireola)
ball bog den chorp taobh thuas den chromán; an chuid bhog den chluas
(sa cheol) sraith d'ocht nóta (ó C meánach go dtí an C taobh thuas de, mar shampla)
barr, an chuid thuas (uachtar an tsléibhe; uachtar bróige); dromchla (ar uachtar an uisce); bia ramhar buí a thagann ar bharr bainne, scamhard; deisceart (uachtar na hÉireann)
atá in uachtar, atá thuas nó ar barr; ardchéimiúil, sinsearach