DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
aidiacht shealbhach sa tríú pearsa le hainmneacha briathartha (á chosaint, á cosaint, á gcosaint; bhí sé á gceannach; bhí siad á gceannach aige)
a bhfuil aitheantas faighte aige nó a bhfuil glactha leis
ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige)
sceimhle tobann a fhágann duine gan breith ar a chiall aige; scaoll, líonrith
fear a bhfuil clann aige; duine dár sinsear (ár n-aithreacha romhainn); seanóir (aithreacha na cathrach); sagart (an tAthair Ó Riain); Dia (an tAthair an Mac agus on Spiorad Naomh)
naíonán, leanbh beag óg nach bhfuil siúl aige fós
duine balbh; duine nach bhfuil an chaint mar is ceart aige
amhránaí fir a bhfuil guth aige nach bhfuil chomh domhain ar fad le dord
gléas ceoil adhmaid a bhfuil fuaim tholl aige
aird, aire (tá beann aige ar a chlú); spleáchas (níl beann agam ort; tá mé beag beann ort)
duine nach bhfuil glacadh aige le haon dearcadh ach a dhearcadh féin
íocaíocht do dhuine de bhreis ar an mbrabach nó ar an tuarastal atá saothraithe aige
éan cosúil le corr réisc a bhfuil glór domhain aige
baile mór a bhfuil bardas aige
bun, foinse (bunús an chreidimh); rachmas (duine a bhfuil bunús aige); an chuid is mó de (tá bunús na hoibre déanta)
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
éan mór dubh agus glór grágach aige, préachán
duine a bhfuil céim ollscoile aige
oifigeach a scrúdaíonn ábhar clóite nó scannáin agus é de chumhacht aige a rá an bhfuil siad oiriúnach le scaoileadh i measc an phobail
ceann de dhá bhall ar an gceann a chloiseann; cumas éisteachta (tá cluas ghéar aige); rud ar dhéanamh cluaise (cluas pota, cluas cupa, cluas tobáin); imeall, ciumhais (i gcluas na coille)
cnag a bhualadh; leagan, síneadh (cnagadh le fiabhras é); sárú (tá na ceithre scór cnagtha aige); briseadh (cnámh a chnagadh); cogaint (úll a chnagadh)
brú nó meilt leis na fiacla; snoí (ag cogaint an chroí aige); slogadh (caint a chogaint)
ceart, cothrom (níl ceart ná cóir aige); cion nó sciar ceart (níor ith sé ach a chóir); freastal ceart (chuir sé cóir mhaith orm; cóir leighis a chur ar dhuine); bail cheart (tá gach ní i gcóir againn); feisteas nó fearas ceart (cóir oibre, cóir thaistil); gaoth fhabhrach (seoladh le cóir ghaoithe)
atá ina choir nó a bhfuil baint aige le coir (gníomh coiriúil)
oifigeach airm a bhfuil ceannas aige ar reisimint
fabhar, oibleagáid (comaoin a chur ar dhuine, bheith faoi chomaoin aige); cúiteamh i bhfabhar (i gcomaoin a ndearna sé dom); maisiú, feabhas (comaoin ar scéimh seod); tabhartas, ofráil (comaoin Aifrinn)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
béaloscailte; a bhfuil dúil dhiamhair i mbia nó i ndeoch aige
duine a bhfuil fiacha aige ort
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
aghaidh, éadan (cúinse a thabhairt do rud); geáitse (bíonn mórán cúinsí ar siúl aige); leithscéal, coinníoll (ar aon chúinse; ghlac sé leis gan chúinse); cleas, beart glicis (fear cúinsí é sin)
caol (bealach cúng); gan mórán spáis (teach cúng; sciorta cúng); gan leithead, gan fairsinge (tuairimí cúnga; tá croí cúng aige)
gaiscíoch, laoch; an té a bhfuil gach iomaitheoir eile cloíte aige i gcluiche nó i mbabhta spóirt
cion, grá, bá (tá dáimh aige léi)
duine a mbeadh dhá chéile aige nó aici ag an am céanna
duine a bhfuil céim sa leigheas aige (dochtúir croí, súl); duine a bhfuil ardchéim ollscoile sa léann aige (dochtúir le litríocht)
duine a bhfuil scil san ealaín aige; cleasaí
ainmhí beag fiáin agus corp fada tanaí aige a mhaireann ar éin agus ar ainmhithe beaga fiáine eile
iarratas dian, iarraidh ruda mar cheart (d'éiligh sé go raibh an ceart aige); lorg (ag éileamh an chíosa); iarraidh, ráchairt (éileamh mór a bheith ar bhailéid; níl éileamh aige ar a chuid); gearán, cásamh (ag éileamh as aicíd; ag éileamh ar na páistí)
cluas a thabhairt do rud (éisteacht le fuaim na gaoithe); cumas cloisteála (tá éisteacht mhaith aige); bheith i do thost, do bhéal a dhúnadh (éist do bhéal)
duine eolach nó oilte; duine a bhfuil saineolas aige; treoraí; fear nó bean eolaíochta
finscéal agus ceacht morálta le teagasc aige
gníomh cineáltais; áis, gar (do dhuine); dea-thoil, dea-mhéin (tá Dia i bhfabhar aige)
duine a bhfuil coir thromchúiseach déanta aige
focal a chuireann béim ar an bhfocal a thagann roimhe agus a dhealaíonn ó rudaí eile é (é féin a rinne é; eadrainn féin atá sé; go deimhin féin); fiú amháin (mar sin féin; dá mbeadh bean féin aige)
duine a bhfuil feirm aige nó faoina láimh
ceist (ba é an chéad fhiafraí aige é); ceist a chur, fiosrú (ná fiafraigh díom); tuairisc (duine) a chur