DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ionsaí (amas ar namhaid); oscailt nó caoi ionsaithe (dá bhfaighinn amas air); aimsiú ar mharc (tóg amas air); iarracht (thug siad amas ar na hairm); tuairim, barúil
tabhairt ar ais as an nua; athchóiriú; a dhéanamh óg arís
leacht a thálann ainmhithe baineanna ar a rudaí óga; an leacht seo ó bhó nó ó ghabhar a ólann daoine agus a úsáidtear i ndéanamh earraí déiríochta; sú bán ar bith atá cosúil le bainne
rud deas daite a fhásann ar phlanda (agus a dtagann toradh nó pór as); barr áilleachta (bláth na hóige); rathúnas (go gcuire Dia bláth ort)
neart, fuinneamh (brí na hóige; cuirfidh an bia brí ionat; in ísle brí); ciall (brí focail); éifeacht (argóint ar bheagán brí)
duine óg ar altramas; mac léinn; deisceabal; ábhar oifigigh airm
beag a dhéanamh de rud; easonóir; focal a chríochnaíonn ar -ín, -óg, etc. le laghad nó cion a chur in iúl
ainmhí sciathánach a bhfuil clúmh agus cleití air; rud óg an éin (éan circe, éan gé); rón óg; duine ait nó uaigneach (éan corr, éan deiridh an áil)
éan sna fabhalscéalta a dhódh é féin agus ansin a d'aiséiríodh as an luaithreach ina éan óg; focal moltach ar laoch nó ar bhean uasal (san fhilíocht)
buachaill; duine óg ar bith
ar dhath an fhéir nó an duilliúir ag fás; óg, neamhaibí (adhmad glas); gan taithí (tá an fear bocht glas air); neamhoilte (saighdiúirí glasa); lag i mbrí (deoch ghlas); dorcha liath (flainín glas); liathghorm (súile glasa); lonrach mar chruach (sceana glasa); fuar, gruama (aimsir ghlas); gan substaint (iasc glas)
dathúlacht, áilleacht (gnaoi na hóige); maise, caoi (gnaoi a chur ar rud)
dúchas sa duine nó san ainmhí rudaí áirithe a déanamh astu féin gan mhúineadh gan foghlaim (ar nós mar atá éin óga in ann eitilt)
siúl ar na lámha agus ar na glúine ar nós páiste óg
ceadú, lamháil (lig dó é a dhéanamh); scaoileadh saor (lig abhaile mé); scaoileadh amach (fuil a ligean); cur ar cíos (teach a ligean); brú nó séideadh amach (anáil a ligean; fead, osna, a ligean); scóip, saoirse, cead corraí (ligean i dtéad, i roth); tógáil, glacadh (do scíth a ligean)
aon ainmhí a mbíonn bainne ag an máthair le tál ar an gceann óg
ainmhí mar an cangarú a bhfuil póca air dá cheann óg
rud deas a rá nó a deirtear faoi dhuine nó faoi rud (mol an óige, bhí moladh mór acu air); móradh (ag moladh Dé, moladh le Dia); comhairliú (mhol mé dó é a dhéanamh); cur chun tosaigh le haghaidh díospóireachta (rún a mholadh); breithiúnas (fágaim faoi do mholadh féin é); caint nó salm molta (moladh mairbh); aontú (ní raibh sé ach ag moladh leat)
a bhfuil cuma na hóige air
cruthú, triail, tástáil (ór, capall, a phromhadh; garda óg ar promhadh)
seanabairt a léiríonn fírinne nó nós is cóir a leanúint (ar nós mol an óige is tiocfaidh sí)
bromach óg; capall nó asal an-óg ar fad
an rud a bheireann éan nó feithid agus blaosc thanaí air (Is ann a mhaireann an rud óg go dtí go dtugann an mháthair gor dó)