DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
áit chónaithe do dhaoine óga a bhíonn ag obair agus iad as baile; áras ina bhfaigheann lucht fánaíochta iostas oíche
íocaíocht as dea-obair nó de thoradh comórtais
bail an té nó an ruda atá iomarcach, nó a chaitear as obair toisc gan obair a bheith ann dó
a bhainfeadh preab asat toisc é a theacht gan choinne, a chuirfeadh iontas ort; strainséartha (tá an obair iontach aige go fóill); maith, breá, nótáilte (d'éirigh go hiontach leis); an- (tá sé iontach te)
obair a dhéanamh; obair a bhaint as rud (talamh a oibriú; capall a oibriú); gníomhú, feidhmiú (tá an t-inneall ag oibriú; níor oibrigh an cleas sin); corraí (bhí sé oibrithe go mór)
post, obair (éirí as oifig); áit a ndéantar gnó páipéir, litreacha, cuntais etc., gnólachta; post údaráis (oifig an Taoisigh)
airgead a fhaigheann duine mar luach saothair as a chuid oibre, tuarastal
suim airgid rialta a íoctar le duine tar éis éirí as obair dó
bac, stop a chur le (bruíon a stopadh; stop sé ag an doras mé); stad (carr a stopadh); blocáil, coinneáil siar (fuil, abhainn, a stopadh; stop sé punt as mo phá); scor d'obair, de ghluaiseacht etc. (stop an clog; ní stopann sé ach ag caint); cur fút (cá bhfuil tú ag stopadh?); tachtadh (tá mo phíopa stoptha)
rith as láthair, éalú, cúlú go tapa; (teitheadh ó chontúirt; dul ar do theitheadh; teitheadh ó obair)
meas, barr (toradh crainn, toradh talún); rud a thagann as rud eile (toradh a broinne; toradh na hoibre; de thoradh na hiarrachta); aird, beann, aire (ná tabhair aon toradh air, níl aon toradh aige orm)