DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an méid rudaí óga a bheireann ainmhí in éineacht (ál banbh); an méid éan óg a thagann amach in éineacht i nead (ál sicíní)
gan a bheith aibí, leanbaí (duine anabaí); roimh am (breith, bás, anabaí)
sceimhle tobann a fhágann duine gan breith ar a chiall aige; scaoll, líonrith
ceann de na feadáin chaola a bheireann an fhuil ón gcroí go dtí baill eile den chorp
duine a cheaptar chun breith bháis a chur i bhfeidhm
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
breithiúnas (breith a thabhairt ar chúis; Lá na Breithe)
an t-uisce agus an dramhaíl a bheireann camraí chun siúil leo
ag breith chugat féin, ar bior
leaba linbh agus luascáin fúithi; cás chun breith ar éan
an t-aon bheach bhaineann a bheireann uibheacha i gcoirceog
éan a deir cú-cú agus a bheireann ubh i nead éin eile
ainmhí beag ocht gcos a dhéanann téada chun breith ar chuileanna etc.
súil ribe a dhéanamh; breith le dol (ar éan, ainmhí etc.)
píosa miotail nó ábhair eile agus lúb ar cheann amháin de chun breith ar iasc le dorú
sreanga snaidhmthe ar a chéile ina ngréasán mogall chun breith ar iasc, éin etc., líon
breith nó rialú a tugadh san am atá caite agus a thógtar mar shampla nuair a bhíonn a leithéid i gceist arís
dul sa tóir ar ainmhithe chun breith orthu (mar spórt nó mar sprioc chreiche); an tóir féin (lá fiaigh, capall fiaigh); géim, creach
fuireach, faire (fear fionraí); cur siar (breith cúirte a chur ar fionraí); cur ó fheidhm go sealadach (ball d'fhoireann a chur ar fionraí)
breith breithimh nó giúiré ag deireadh trialach
achrann, greim (chuaigh duán i bhfostú ann); gabháil, breith ar, greamú (fostaigh sa lúb é); duine a thógáil nó a choinneáil i seirbhís; rud a thógáil ar cíos (carr a fhostú)
breith ar (rud a ghabháil i do lámh); ceapadh (peil a ghabháil); lán baclainne (gabháil féir, mhóna); tógáil (áit duine a ghabháil); tabhairt faoi, oibriú ar (ag gabháil d'obair); greamú, tógáil (coirpeach a ghabháil); buachan (an lá a ghabháil); a thógáil chugat féin (páirt a ghabháil i rud); glacadh le (gabh mo leithscéal); glacadh, a theacht ar (ghabh tart é); dul, siúl (ag gabháil thar bráid; ag gabháil abhaile); teacht (gabh i leith); gléasadh (capall a ghabháil); rá, aithris (ag gabháil fhoinn, véarsaí); giosta
breith, glacadh seilbhe; talamh i seilbh duine
gléas le breith ar ainmhithe nó ar éin, sás, dol
breith anabaí; milleadh gine roimh a ham
gabháil ruda leis an lámh (beir greim air; rug sé greim muinchille orm); lán béil (cúpla greim feola; bain greim as an arán); cruachás (rug drochghreim air); smacht, ceannas (bíodh greim ar do chiall agat; tá greim daingean acu ar an tír); fostú (i ngreim sa talamh, i ngreim ag an eagla); freanga, ríog thinnis (tháinig greim i mo chliathán; greim an bháis); lúb fuála (greim snáthaide a chur i rud)
breith ar iasc, marú éisc, iascaireacht
breith nó tabhairt ó áit go háit eile (ualach a iompar; píopa ag iompar uisce); caitheamh, tabhairt leat (brat a iompar; ag iompar seoil, ag iompar clainne); coinneáil suas (ballaí ag iompar dín); fulaingt (crá croí a iompar); coinneáil (tá iompar ar dheoch aige); múineadh, béasa (tú féin a iompar i gcomhluadar)
an lá den bhliain a rugadh duine, nó cuimhne an lae sin
poll i bpíosa amháin de fhráma agus é déanta chun breith ar cheann píosa eile agus é a fháscadh ann
ga a chaitear le míol mór chun breith air
an fhéile bhliantúil lena gceiliúrtar breith Íosa Críost ar an 25 Nollaig
pointe ama, am áirithe; cás nó teagmhas áirithe (rugadh air san ócáid); cúis, leithscéal (ócáid scannail); gnó, cúram (an ócáid a thug ann mé); feidhm, críoch (níl aon ócáid agam leis; rud a chur ó ócáid)
cáipéis oifigiúil a bheireann do dhuine nó do ghnólacht amháin ceart déanta nó díolta earra atá nua ar an margadh
pionsúr beag chun ribí a bhaint nó chun breith ar rudaí beaga
breith an phobail uile trí vótáil dhíreach
corcán cócaireachta; aon árthach le haghaidh bláthanna nó plandaí; cliabh chun breith ar ghliomaigh etc.
breith le súil ribe ar iasc nó ainmhí
teacht nó tabhairt ar an saol; buanú, maireachtáil i bhfad (go saolaí Dia thú); breith (saolú Chríost)
rópa greamaithe de chúinne íseal seoil leis an seol a ionramháil chun breith i gceart ar an ngaoth, scód
gaiste sreangáin chun breith ar choiníní etc.
bronnadh, soláthar (thug sé le fonn é; seilbh, teideal, a thabhairt; comhairle, breith, a thabhairt); scaoileadh amach (móid a thabhairt; cárta, cábla, a thabhairt); fás, borradh (talamh a bhfuil tabhairt ann); caitheamh (léim a thabhairt; thug sé a shaol ann); géilleadh, stríocadh, teip (má thugann an balla sin); tógáil, iompar, crochadh leat (tabhair abhaile é; thug sé leis é; tabhair i leith iad); ionsaí, iarraidh (thug sé fúm, faoi é a dhéanamh); scaradh le (eolas a thabhairt uait; dóchas a thabhairt suas)
stopadh anála mar gheall ar bhac éigin sa scornach (cnámh nó deatach mar shampla); breith ar scornach ar dhuine chun a anáil a bhaint de; múchadh (glór tachta)
neart, fórsa (le teann na gaoithe); strus, straidhn (is iomai teann a rug air); béim (teann a chur ar fhocal, ar do ghuth); taca, tacaíocht; gustal (tá teann ar a chúl aige); muinín, dánacht (níl teann agam air sin); cumhacht, údarás (cathain a tháinig sé i dteann?); ardphointe (i dteann a réime; le teann oilc a rinne sé é)