Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cuir amach · cúramach · crampach · cruasach · cumach
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
cur fir1 leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir) cur amach síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach cur ar fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air) cur as díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?) cur chun cur chomh fada le (daoine a chur chun boird); cur os comhair (cuir chuige an t-arán); úsáid le haghaidh (cuir chun tairbhe duit féin é); tabhairt faoi (cur chun oibre) cur de díbirt as nó cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir sí an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!) cur faoi cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir sé a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe (ná cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit) cur i ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda) cur isteach caitheamh (chuir sé isteach a théarma); lorg (cur isteach ar phost); teacht salach ar (ná bí ag cur isteach orm) cur le méadú, breisiú (cuir giota eile leis); tacú (ní neart go cur le chéile); cur ag foghlaim (cuireadh le múinteoireacht é); tiomáint chuig (duine a chur le buile) cur ó tabhairt suas (cuir uait an chaint sin); scor, deighilt (cuir an bheirt sin ó chéile) cur roimh é a bheith d'aidhm agat (chuir sé roimhe é a fhoghlaim) cur siar moilliú (cuir siar an clog); cur ar athlá (cruinniú a chur siar); tathant (bia a chur siar ar dhuine) cur suas gríosú (is tusa a chuir suas leis é); diúltú (cur suas de bhia); glacadh le (is deacair cur suas leis) cur thar sábháil (airgead a chur tharat); doirteadh (pota ag cur thairis); síorchaint (tá sí ag cur thairsti ó mhaidin); casadh (roth, long, a chur thart); roinnt (deoch a chur thart); caitheamh, meilt (an lá a chur thart)
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
athbhunú (aiseag sláinte); tabhairt ar ais (aiseag iasachta); cur amach, urlacan
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
cur amach as áit lonnaithe
cló nó foirm nua; leabhar etc., agus é curtha amach athuair
cur bachlóg amach
masmas, fonn cur amach; iomarca (ceas triomaigh); brón, cumha (mo cheas!)
foilsiú nó fógairt don saol mór; cláir a chur amach ar an raidió, craoladh
masmas, fonn cur amach
cur amach, caitheamh amach, scaipeadh; fearadh
insint, cur síos, tabhairt amach scéil
tabhairt amach, cur amach (eisiúint scaireanna; caipiteal eisithe)
nochtadh, a dhéanamh follas (rún a fhoilsiú); foilseachán a chur amach
cur in ordú ceart; cóiriú, feistiú (ghléas sí amach í féin)
casadh, tiontú (do cheann a iompú); an taobh isteach amach nó an taobh síos suas a thabhairt de rud; cur nó coinneáil uait (fearg a iompú); filleadh (d'iompaigh an slaghdán orm); athrú (d'iompaigh sé bán, ina Chríostaí); camhrú, imeacht géar, searbh (tá an fheoil, an bainne, iompaithe)
ón áit amuigh go dtí an áit istigh; in éineacht le (chuir sé punt isteach leis); muinteartha (bheith isteach le duine; bíonn siad isteach is amach le chéile)
ceadú, lamháil (lig dó é a dhéanamh); scaoileadh saor (lig abhaile mé); scaoileadh amach (fuil a ligean); cur ar cíos (teach a ligean); brú nó séideadh amach (anáil a ligean; fead, osna, a ligean); scóip, saoirse, cead corraí (ligean i dtéad, i roth); tógáil, glacadh (do scíth a ligean)
tachtadh (múchta ag teas, ag slaghdán); cur as, cur amach (mhúch sé an tine); cosc (múchfaidh sé sin do thart); cosc anála de cheal aeir (bá is múchadh ort!); suncáil (múchta i bhfiacha); maolú (glór múchta); coinneáil siar (deora a mhúchadh); asma (tá an múchadh ag cur air)
ní, glanadh (meaisín níocháin, teach níocháin); éadaí atá nite nó le ní (an níochán a chur amach)
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
cur péac amach; sá le hadharca etc.; caitheamh sáiteán le
cur amach gathanna (solais, leictreachais etc.); gathanna dainséaracha á dtabhairt amach ag substaint radaighníomhach
gathanna teasa nó solais a chur amach; scaipeadh amach gach treo ó lárphointe éigin
cur sna cosa ar luas; (le huisce) imeacht go faíoch; síneadh (rinn ag rith amach san fharraige); scaoileadh (rith an tsnaidhm); ídiú, caitheamh (tá a théarma rite); cur ag rás (capall a rith); cur ar siúl, reáchtáil (gnó, rince, a rith); achtaí, reachtú (rún a rith); déanamh (poitín a rith); críochnú (tá sé rite ina dhochtúir); imeacht gann ar fad i (rite as bia, as airgead); gabháil le, baint le (tá an tréith sin ag rith leis); éirí le (má ritheann liom); ráchairt, éileamh (rith ar earraí); taom (rith tinnis, rití fuachta); scaoilteacht, buinneach (chuir an bia úd rith air); scoth (an chéad rith den phlúr)
ar aghaidh, os comhair, os coinne (cuir marc roimhe); chun cinn nó níos túisce in am nó i spás (romhat amach, an duine a bhí romham, tiomáin romhat iad; roimh a sé a chlog); i gcomhair (bí romham ag an stáisiún); trasna ar (ná bí ag teacht romham ar gach focal); (le heagla, áthas, olc etc.) (fáilte romhat; bhí eagla air roimpi)
urlacan, cur amach; sceitheadh; scaipeadh
urlacan; uibheacha síl a scaoileadh; brúchtadh, cur thar maoil (abhainn ag sceitheadh); scéal, rún etc., a scaoileadh amach; titim as a chéile (sceith an aill, an balla); scamhadh
análú amach, aer a thiomáint amach as an mbéal; síobadh aeir, gaoithe etc. (séidfidh an oíche fós); líonadh le haer (balún a shéideadh); lasadh agus at (aghaidh shéidte); cur go fras (ag séideadh fola); caitheamh (séid isteach ansin é); ionsaí (shéid siad ar an obair); cur suas, griogadh (ag séideadh fút a bhí sé)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
tathant; gríosú, saighdeadh (an pobal a spreagadh); múscailt (an chuimhne, mianta, a spreagadh); cur suas (spreag an diabhal é); tabhairt amach (ceol a spreagadh, ag spreagadh Béarla)
comharthaí raidió nó teilifíse a chur amach
caitheamh aníos nó cur amach (as an ngoile)
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News