DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an méid blianta atá tugtha ar an saol ag duine nó rud (cén aois é?); fad saoil; seanaois (ag dul in aois); tréimhse, ré (ó aois go haois); céad bliain (an fichiú haois)
coiscéim; ardú (céim suas); ísliú (céim síos); ardú amháin i staighre nó i ndréimire; aonad tomhais (céim teochta, fiche céim celsius, uillinn tríocha céim); seasamh nó stádas saoil (céim chreidiúna, íseal i gcéim); gradam ollscoile (céim B.A.); cruatan (céim chrua)
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
easpa faid, giorra (giorracht saoil); gan mórán achair (i ngiorracht aimsire); cóngaracht (i ngiorracht do rud)
athrú, athrach (malairt éadaigh, aeir, saoil); babhtáil (rud a fháil ar malairt; rinne siad malairt áite le chéile)
i dtús saoil nó fáis, gan a bheith sean; mac (Seán óg); nua, úr (talamh óg; óg sa bhliain)
tús saoil (le linn m'óige); bail nó cuma óg; daoine óga
gealach; mí (uair sa ré); tréimhse ama nó saoil (le mo ré); am, aois (an Ré arga, Ré na Críostaíochta)
flaitheas; cumhacht ceannas; tréimhse, aois, ré saoil
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
sláine agus folláine an choirp; bail nó staid ghinearálta an choirp (bheith i do shláinte); guí fad saoil do dhuine le deoch (seo do shláinte!)