DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
giota breise thiar le rud (mar scéal, leabhar etc.)
ainmhí sna scéalta cosúil le capall agus adharc dhíreach ar a éadan
bata crúcáin mar a bhíodh ag aoirí caorach sna scéalta, nó mar a bhíonn ag easpag mar chomhartha gur aoire spioradálta é; lúibín gruaige
bandia cogaidh sna scéalta; neach scanrúil; bultúr
amhrán nó dán simplí a bhfuil scéal ann
an pháirt is ísle de rud (ó bhun go barr); stumpa (bun coinnle); deireadh (bun cúrsa); foinse (bun scéil); aird (bun na gaoithe); lorg (bun ruda a chur); caipiteal nó suim le a bheith ag cur leis (bun agus biseach airgid)
tréithe uile duine a dhéanann duine ar leith de; pearsa i ndráma nó i scéal; duine corr nó aisteach, duine ann féin ar fad
cúis (cás dlí, cúirte); drochdhóigh (sa chás ina bhfuil sé); scéal (is bocht an cás é); ábhar imní (ní hé sin is cás liom; i gcás idir dhá chomhairle)
a dhéanann coscairt (buille, scéal coscrach); buaiteach
(crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige)
an chuid laistiar de radharc nó de phictiúr, de scéal nó de chúrsa ar bith
córach, deadhéanta; déanta suas (scéal cumtha)
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
mar iol sonraí a bhaineann le duine (tá mo dhála féin ort); maidir le (dála an scéil)
cinntiú, dearbhú (dheimhnigh sé an scéal dom; cóip dheimhnithe); teastas
críoch (tá deireadh leis an scéal); an chuid dheireanach; an chuid is faide siar (deireadh báid, deireadh cairte); clabhsúr (tá deireadh déanta, ite); tóin duine nó ainmhí
scéal a bheatha á scríobh ag an duine féin
tar éis a dhó, loiscthe; seargtha, críon (seanduine dóite); dian, géar (is dóite an scéal é); tuirseach, bailithe (bheith dóite de rud)
an-fhada síos nó isteach (domhain i bhfarraige, sa sliabh); isteach go maith (dul go domhain i scéal); go bunrúta (staidéar, eolas, domhain); siar nó mall (domhain san oíche); deacair a léamh nó a dhéanamh amach (is domhain an duine é)
scéal a léirítear ar stáitse
dreas ceoil nó litríochta, píosa cumadóireachta; aiste, dán, amhrán, scéal
gluaiseacht (dul abhaile, anonn is anall); imeacht (cá ndeachaigh sé? rachaimid amach an sliabh); sroicheadh (bhí an t-uisce ag dul go glúine orm); rith (conas tá an scéal ag dul? seo mar a théann an chéad véarsa); cosaint (chuaigh sé pingin mhaith airgid); gabháil, tosú (dul a chodladh, ag léamh); a éirí le (chuaigh agam é a dhéanamh); léamh, tuiscint (is deacair dul amach ar an bhfear sin); teacht (chuaigh feabhas air); titim (ormsa a chuaigh an costas, an milleán); seasamh (is gearr le dul orainn é); teip, múchadh (tá sí ag dul as go mór; tá an lampa ag dul as; chuaigh díom é a dhéanamh); bheith dlite (bhí an méid sin ag dul dó); réiteach le (chuaigh an t-athrú bia go maith dó); imeacht as (dul faoi na gréine); luí isteach le (chuaigh sé sna saighdiúirí); athrú (ag dul i léig, in olcas; ag dul ó mhaith; dul le buile) le cosúlacht nó réiteach (lena máthair a chuaigh sí; ní théann an dá dhath le chéile; téann an deoch síos go maith leis); ceiliúradh, loiceadh (ná téigh siar ar d'fhocal; dul ar gcúl); briseadh, sárú (dul thar fóir; ní rachadh sé thar a fhocal; níl aon dul thairis); polladh (chuaigh an fuacht tríom); caitheamh (ag dul trí airgead); seans (níl aon dul aige air); leagan (dul cainte); bail (ar an dul ina raibh sé); am, ócáid (den dul seo; ar an gcéad dul síos)
turas fiontair nó fionnachtana; cúrsa nó teagmhas gan choinne, tarlú iontach; scéal eachtrúil, rabhcán beag, scéal gaisce nó iontais
insint, cur síos, tabhairt amach scéil
turasóireacht, taisteal; scéalta, eachtraí
seachas sin (rud éigin eile); an dara ceann de dhá cheann (an bhróg eile); breise (faigh ceann eile); difriúil (scéal eile é sin)
raon, scóip, cúrsa (éirim scéil, éirim a chuid cainte); claonadh (leanadh sé dá éirim); tuiscint, clisteacht, meabhair (éirim an cheoil, éirim aigne)
achar ama nó spáis nó slí; síneadh (fad a bhaint as scéal); raon (fad m'urchair; fad mo radhairc uaim)
go léir, go hiomlán; ó cheann go ceann (teach deich slata ar fad); amach is amach (scéal eile ar fad)
fios scéil, tuairisc, eolas; insint; lorg eolais
fabhal, finscéal, scéal a bhfuil brí eile ceilte ann
éadach a dhéanamh ar sheol trí shnáitheanna a chur trasna thar a chéile; (le scéal etc.) cumadh, cur le chéile
duine a insíonn scéalta fiannaíochta
scéalta nó laoithe faoi na Fianna; seanchaíocht, finscéalaíocht
scéal atá cumtha; leabhair faoi dhaoine agus chúrsaí nach bhfuil fíor dáiríre, cumadóireacht
scéal cumtha nó rómánsach, fabhal; ficsean, scéal ficsin
éirí fuar nó a dhéanamh fuar; faoiseamh (ó phian etc.); dul in éag (lig don scéal fuarú; fuarú ceana); caitheamh (ag fuarú na haimsire)
géagach, ladhrach; bórach; casta (scéal gabhlánach)
contúirteach, uafásach; áibhéalach (scéal gáifeach); gairéadach, taibhseach (éadach gáifeach)
mígheanasach, gránna, salach (duine, scéal gáirsiúil)
ar dhath an tsneachta nó an aoil; ar dhath an airgid; cosúil le solas an lae nó na gréine; glan, sona; áthasach, geanúil (anam geal, gáire geal, a ghrá geal, is geal an scéal liom é)
dráma Nollag do pháistí bunaithe ar scéal sí le damhsa agus amhráin agus áilteoireacht
scéal scríofa a bhfuil lántéama ann ach atá gairid le taobh úrscéil
lámh (lán mo ghlaice); lán láimhe nó doirn, beagán (de rud) (glac leabhar, scéalta); gabhal (glac crainn); gabhdán (glac saighead)
páipéar pictiúr lán de líníochtaí a insíonn scéalta grinn nó eachtraíochta
páiste a fhágtar nó a thógtar (sna scéalta sí); breoiteachán; duine nó rud gan mhaith
gaisce (scéalta laochais); mórtas, maíomh gaisce
neamhbhlasta (deoch, blas, leamh); neamhspéisiúil, neamhanamúil (saol, scéal leamh); bog, amaideach
oscailt bheag ar scéal le leathfhocal; nod, spléachadh; gaoth an fhocail
biseach a chur dhuine breoite; rud, scéal etc., a chur ina cheart (leigheasfaidh sé sin do chás); ealaín an dochtúra (lucht leighis); cóir feabhsaithe (leigheas ar chasacht); cúiteamh (leigheas ar dhíobháil); cumhacht leighis (tá leigheas sa rud sin, tá leigheas ag Brian); smacht, neart (tá sé crosta ach níl aon leigheas aige air)