PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The news got abroad, leath an scéal; chuaigh an scéal amach.
By all accounts, de réir gach scéil, gach tuairisce.
I acquainted him with the facts of the case, chuireas an scéal go hiomlán ina láthair.
The scene of action is in Dublin, i mBaile Átha Cliath atá suíomh an scéil.
In actual fact, mar atá an scéal.
To advertise sth., scéal a reic, a chur sa nuacht, a fhógairt.
You needn't advertise the fact, níl feidhm ort an scéal a chur i gcluasa an tsaoil.
It's a sad state of affairs, is bocht an scéal é.
That does not affect the matter, ní bhaineann sin leis an scéal.
This rumour set the country aflame, chuir an scéal reatha seo an tír trí thine.
To agree with s.o. (about, in, a matter), teacht le duine, bheith ar aon intinn le duine (faoi scéal).
'That is so,' he agreed, ‘is fíor sin,' ar seisean, ag teacht liom ar an scéal.
That alters the case, cuireann sin dreach eile ar an scéal; sin scéal eile.
He altered the story, chuir sé cor sa scéal.
The amusing thing about it is that..., an chuid is greannmhaire den scéal go...
That is (quite) another thing, sin scéal eile (ar fad); F: sin coileán de phór eile.
It would appear that. . ., dhealródh an scéal go . . .
To approach a question, dul i gceann scéil.
Approximation to the truth, (scéal) atá cóngarach don fhírinne.
Apropos of that . . ., dála an scéil sin ...
As it is we must. . ., mar atá an scéal caithfimid. . .
Every aspect of the subject, gach gné den scéal.
To assent to the truth of sth., fírinne scéil a admháil.
Athirst for news, díbhirceach chun scéalta nua.
The matter will receive careful attention, breithneofar an scéal go beacht.
He is an authority on the matter, is údar, eolaí, ar an scéal é.
(Unfortunate) It's a bad business, a bad job, is bocht an scéal é.
F: To keep the ball rolling, an scéal a choinneáil seadaithe; na gnóthaí a choinneáil ar bun.
To start, set, the ball rolling, an ceann a bhaint den scéal; tús a chur ar an obair.
That does not bear on the question, ní bhaineann sin leis an scéal, le hábhar.
I examined the question in all its bearings, bhreithnigh mé gach uile thaobh den scéal.
Don't beat about the bush, (i) ná bí ag teacht thart ar an scéal; (ii) tabhair freagra díreach ar an gceist.
That's the beauty of it, sin barr maise an scéil; sin an chuid is fearr de.
To get down to bed-rock, dul go bun an scéil.
That is beside the point, ní bhaineann sin leis an scéal.
The best of the matter, the best of it, is that. . ., an chuid is fearr den scéal go . . .
F: A bit of news, scéal m nua.
To blaze a rumour abroad, scéal reatha, a reic, a scaipeadh, go forleathan.
He blazed the news, d'fhógair sé an scéal fada fairsing.
He went and bleated it all over the place, d'imigh sé agus reic sé an scéal ar fud an bhaile.
Blue stories, scéalta graosta; scéalta gáirsiúla.
The matter boils down to this . . ., seo bun agus barr an scéil . . .
F: The boot is now on the other foot, ar chasadh na n-each, tig athrach scéal; tá malairt scéil anois ann.
Statement bordering on truth, scéal nach bhfuil i bhfad ón bhfírinne.
Both of these stories must be told, caithfear an dá scéal seo a insint.
To sift the matter to the bottom, dul go dúshraith, go bunrúta, an scéil; an scéal a chur le bonn.
To be brief..., le scéal gearr a dhéanamh de ...
To see the bright side of things, an taobh is fearr den scéal a fheiceáil.
To bring up a subject, scéal a tharraingt anuas.
To broach a question, an ceann a bhaint de scéal.