EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ball1, s. 1 a Liathróid f (peile, leadóige, etc.); sliotar m, cnag f (iománaíochta); cnapán m (sneachta); ceirtlín f (snátha); piléar m (gunna mhóir). Meteor: Ball of fire, caor thine. Sm.a.To load with ball, lódáil le piléir. F: To keep the ball rolling, an scéal a choinneáil seadaithe; na gnóthaí a choinneáil ar bun. To start, set, the ball rolling, an ceann a bhaint den scéal; tús a chur ar an obair. He has the ball at his feet, tá rith an rása anois aige. b Mec.E: Gráinne m (iompair). S.a. RACE1 4 c Anat: Mec.E: Ball-(and-socket) joint, alt úll is cuas. 2 a Bos f (luascadáin cloig). b Úll m (na coise). c Meall m (súile). 3 Cu: Meat ball, feoilmheall m.
ball2 . 1 v.tr. a Déanaim meall, cnapán, de. b Déanaim ceirtlín de (snáth). 2 v.i. Déanann meall, cnapán.
ball3, s.Danc: Bál m, damhsa m. S.a. MASK2 1 To open the ball, (i) tús a chur leis an damhsa; (ii) F: tús a chur leis na himeachtaí.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Golf: To address the ball, beartú chun buailte.
The ball rolled away from him, roll an liathróid uaidh.
Ballot(-ball), páipéar m ballóide.
Ball-point pen, peann gránbhiorach.
The belle of the ball, an bhean a rug barr scéimhe léi (ó lucht an damhsa).
Cr: To block the ball, an liathróid a stopadh.
Bill: To put bottom on a ball, aisbhuille a thabhairt do liathróid.
To take, catch, the ball on the bounce, an liathróid a cheapadh ar a léim.
To bounce a ball, preansa, preab, a bhaint as liathróid, liathróid a bhocáil.
The ball breaks, preabann an liathróid go claon.
Ten: To chop the ball, smitín a thabhairt don liathróid.
Cup-and-ball, (cluiche) cupa agus liathróide.
Mec.E: Cup-and-ball joint, alt úll agus cuas.
Fb: Dead ball, liathróid mharbh.
Golf: (Of ball) The ball is lying dead, tá an liathróid ina stad ar imeall an phoill.
Sp: To drive the ball, abs.to drive, an liathróid a thiomáint.
Golf: Keep your eye on the ball, greamaigh do shúil sa liathróid.
To field the ball, an liathróid a cheapadh.
Sp: To fumble the ball, breith breallach ar an liathróid.
Fb: To gather the ball, breith ar an liathróid.
Fb: To handle the ball, lámh a chur ar an liathróid.
Fb: To head the ball, an cloigeann a thabhairt don liathróid.
(Golf) To hole the ball, an liathróid a chur sa pholl.
Hurling ball, crag f, sliotar m.
Ball and socket joint, alt úll agus cuas.
Bill: To jump a ball off the table, liathróid a chur de léim den bhord.
Fb: To kick the ball, an liathróid a bhualadh, a chiceáil.
They were kicking the ball about, bhí an liathróid á ciceáil ó dhuine go duine acu.
To knock up the ball, an liathróid a chur sa spéir.
Ten: To knock up the balls, dreas cleachtaidh a dhéanamh.
Lend me the ball, tabhair tamall den liathróid dom.
Ten: Let (ball), neamhthabhairt f.
Masked ball, damhsa m masc.
Fb: To pass (the ball), abs. to pass, an liathróid a chur chuig imreoir eile; an liathróid a sheachadadh.
Ball-peen hammer, casúr cnagach.
Ball pivot, úllmhaighdeog.
The ball was in play, out of play, bhí an liathróid san imirt, as an imirt.
Ten: To poach a ball, liathróid a phóitseáil.
Sp: To pull the ball, abs. to pull, tarraingt faoin liathróid.
Mec.E: (Ball-)race, gránlann f.
The ball rolls under the table, rollann an liathróid isteach faoin mbord.
(Of kitten) To roll up into a ball, é féin a chuachadh.
Ten: To serve (the ball), an liathróid a sheirbheáil.
Cr: To slog at the ball, tarraingt go láidir ar an liathróid.
He gave the ball a hard smack, bhuail sé tailm ar an liathróid.
To snick the ball, mionsmeach a thabhairt don liathróid.
Games: To put spin on the ball, casadh a chur sa liathróid.
A ball of string, ceirtlín chorda.
To swipe at the ball, tarraingt ar an liathróid le flíp, le buille; do sheanbhuille a thabhairt don liathróid.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
F: I am all aches and pains, níl aon bhall i mo chorp nach bhfuil pian ann.
(Of a society) To affiliate members, baill a chomhthoghadh, a ghlacadh isteach i gcumann.
To affiliate s.o. to, with, a society, ball de chumann a dhéanamh de dhuine.
To affiliate (oneself) to, with, a society, comhcheangal le cumann, dul isteach mar bhall i gcumann.
An ample garment, ball m fairsing.
As will presently appear, mar a fheicfear ar ball beag.
Article of clothing, ball éadaigh.
The ship was attached to that squadron, bhí an long ina ball den scuadrún sin.
I shall attend to you in a minute, beidh mé chugat ar ball beag.
(Be connected) He belongs to the society, tá sé ina bhall den chumann.
Bespoke garment, ball éadaigh a dhéantar ar ordú.
Black spot (on furniture, etc.), ball salach.
He bulks large in their eyes, tá sé ina bhall mór acu.
Adv. phr.By and by, ar ball beag.
She carried on dreadfully, rinne sí an ball séire.
(Of pers.) He casts a garment, caitheann sé de ball éadaigh.
An engine is composed of many parts, is iomaí ball atá in inneall.
The membership comprehends some friends of mine, áirítear cairde liom ar na baill.
To elect s.o. a member, duine a thoghadh ina bhall.
Mth: Identity element, ball m ionannais.
Everywhere else, gach aon bhall eile.
Nowhere else, aon bhall eile.
Ex(-)officio member, ball de bhrí oifige.
The extremities, na baill mpl fhorimeallacha.
To fasten (up) a garment, ball éadaigh a dhúnadh.
To fit a garment on s.o., (i) ball éadaigh a thástáil ar dhuine; (ii) ball éadaigh a dhéanamh oiriúnach do dhuine.
To fit parts (together), baill (innill) a chur le chéile.
Well-fitting garment, ball luiteach, ball tomhaisiúil (éadaigh).
Piece of furniture, ball m troscáin.
Future delivery, seachadadh ar ball, amach anseo.
In (the) future, ar ball, amach anseo, san am atá le teacht, feasta.
Genitals, baill mpl ghiniúna.
Gentleman-at-arms, ball de gharda an rí.
The water had got in everywhere, bhí uisce tríd ins gach aon bhall; bhí uisce istigh ann ó gach aon taobh.
He got into the club, d'éirigh leis bheith ina bhall den chumann.
Hand-made article, ball a rinneadh le láimh.
(As a threat) You will hear from me later on! cuirfidh mise i gcéill duit é ar ball.
Here, there and everywhere, thart gach aon áit, i ngach aon bhall.
To wear a hole in a garment, poll a chur i mball éadaigh.
Honorary member, ball oinigh.
In the immediate future, ar ball beag; faoi cheann achair bhig; go luath amach anseo.
To interline a garment, idirlínín a chur i mball éadaigh.
To find the joint in the armour, teacht ar an mball lag.
See you later! feicfead ar ball tú!
Spot that lends itself to meditation, ball a oireann don mhachnamh.
To leave papers lying about, páipéir a fhágáil ar fud an bhaill, ar bóiléagar.
Staff engaged locally, foireann a fhostaítear ar an mball.
To mandate a country to one of the Powers, tír a chur faoi shainordú baill de na Cumhachtaí.
To be marked with spots, bheith breactha (le baill).