Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: Tarmanach · tramach · armacach · armach · caratach
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
an méid rudaí óga a bheireann ainmhí in éineacht (ál banbh); an méid éan óg a thagann amach in éineacht i nead (ál sicíní)
na deora a thagann amach tríd an gcraiceann le teas nó le saothar
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
teacht ar rud nua de bharr taighde, taiscéalaíochta, etc.; ceapadh amach as an gceann
líonadh suas nó amach; pulcadh, líonadh thar fóir; iomlánú; breis mar chúiteamh ar easpa éigin; leathanaigh bhreise a chuirfí amach le nuachtán nó le hiris
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
piocadh; síneadh amach (ag gobadh as an mballa); teacht os cionn talún (an féar ag gobadh aníos)
nuachtán nó foilseachán eile a thagann amach go rialta
cineál d'fhéileacán a thagann amach san oíche (Itheann cruimh an leamhain éadaigh poill in éadach)
an fuíoll a fhanann tar éis gual, adhmad, móin, etc. a bheith dóite amach
éan mór agus cleití eireabaill áille air a thig leis a oscailt amach mar a bheadh fean ann; cailín péacach
seift raidió chun eitleáin, long etc., a aimsiú i gceo nó i ndorchadas (Is féidir a n-achar agus a suíomh a dhéanamh amach le staidéar a dhéanamh ar phictiúr a thagann ar scáileán radair)
cumas intinne le teacht ar thuairimí, nó le rudaí a dhéanamh amach (a chiall is a réasún); ciall, tuiscint mhaith (éisteacht le réasún); fáth, cúis (ní raibh réasún ar bith aige leis)
ar aghaidh, os comhair, os coinne (cuir marc roimhe); chun cinn nó níos túisce in am nó i spás (romhat amach, an duine a bhí romham, tiomáin romhat iad; roimh a sé a chlog); i gcomhair (bí romham ag an stáisiún); trasna ar (ná bí ag teacht romham ar gach focal); (le heagla, áthas, olc etc.) (fáilte romhat; bhí eagla air roimpi)
urlacan; uibheacha síl a scaoileadh; brúchtadh, cur thar maoil (abhainn ag sceitheadh); scéal, rún etc., a scaoileadh amach; titim as a chéile (sceith an aill, an balla); scamhadh
páipéar nó iris a thagann amach in aghaidh na seachtaine
patrún gearrtha amach as miotal, as cairtchlár etc.; an patrún a thagann amach nuair a smeartar dúch nó péint ar na bearnaí gearrtha sin; leathán tanaí d'ábhar speisialta as ar féidir cuid mhór cóipeanna d'ábhar clóscríofa a dhéanamh
dul amach na taoide tar éis tuile, aife (an ag trá nó ag líonadh atá sé?); maolú, ísliú (trá tobair; thráigh a mhisneach air)
iris a thagann amach go tréimhsiúil
tiomna, cáipéis dhlíthiúil a leagann amach cad tá le himeacht ar mhaoin duine tar éis a bháis
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News