Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cimigh · éimigh · iaigh · ibigh · impigh
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
imigh, v.i. (pres. imíonn, vn. imeacht, pp. imithe).Go. 1. Go away, leave. Ag teacht agus ag imeacht, coming and going. D’~ sé as an tír, he left the country. Tá sí ag imeacht go Meiriceá, she is going to, leaving for, America. D’~ siad ar eitleán, they went on a plane. Ná h~ go fóill, don’t go yet. 2. Go on, proceed, travel. Ag imeacht timpeall, ó áit go háit, going about, from place to place. Bhíomar ag imeacht ar feadh na hoíche, we kept travelling all night. D’~ sé roimhe, he travelled on. Duine bocht ag imeacht roimhe, a poor man wandering from place to place. 3. Go, start, off. Imeacht de shiúl géar, de rúid, to go off at a sharp pace, at a run. D’~ sé mar a bheadh splanc ann, he went off like a flash. D’~ an t-urchar, the shot went off. 4. Get away, escape. D’~ siad slán, they got away safe. Má imíonn tú le do bheo, if you escape with your life. D’~ sé gan mhasla gan mháchail, he escaped easily and unhurt. D’~ sé idir mo mhéara, it slipped through my fingers. Ní imeodh an méid sin thairis, even that wouldn’t escape him. 5. Progress. Tá an saol ag imeacht mar a bhí riamh, life goes on the same as ever. Cén chaoi a bhfuil an cluiche ag imeacht? How is the match going? 6. Prevail, be current. Na faisin atá ag imeacht, the current fashions. Bhí na cleamhnais ag imeacht fós, matchmaking was still in vogue. Níl an focal sin ag imeacht anois, that word is not used now. 7. Go round, circulate. Tá airgead bréige ag imeacht, there is counterfeit money in circulation. Má tá aon bhraon crua ag imeacht, if there is a drop of the hard stuff going. 8. Move, work. An clog a chur ag imeacht, to set the clock going. Coinnigh an t-inneall ag imeacht, keep the engine running. 9. (Of time, etc.) Pass, pass and change. Tá an lá ag imeacht, the day is passing. D’~ leathuair eile, another half-hour passed. An bhliain seo a d’~ tharainn, this past year. D’~ an t-am sin, that time is past. Is mór a d’~ an saol le gairid, the world has changed a lot lately. D’~ sin is tháinig seo, things are not as they were any more. 10. Give way, fail. D’~ an dréimire, the ladder gave way. D’~ sé as fúm, it went from under me. D’~ an solas, the light failed. Tá mo chuimhne ag imeacht, my memory is failing. Bhraith sé é féin ag imeacht, he felt himself going. Tá sé an-imithe, he is very failed. 11. Cease to operate, to have effect. D’~ an slaghdán, the cold is gone. Ó d’~ an t-airneán, since the night-visiting stopped. Is fada ó d’~ an bhuain chorráin, reaping with a hook ceased a long time ago. 12. Be lost, spent. Tá an t-airgead ag imeacht go tiubh, the money is going fast. D’~ mo chuid leabhar ar fad, my books have all disappeared. 13. Pass away; depart, die. An fear a d’~, the man who is gone. D’~ sé ina chodladh, he passed away in his sleep. Nuair a bheimid féin imithe, when we ourselves are gone. 14. Pass into a certain state. Imeacht bán, díomhaoin, to go waste, idle. Tá sé imithe chun an donais, he is gone to the bad. D’~ sé gan dóigh, he lost his self-respect. 15. Lit: Come to pass. D’~ gach ní dá ndúirt sé, everything that he said came to pass. 16. Lit: Go over, traverse. D’~ sé an loch gan eathar, he passed over the lake without a boat.
RELATED MATCHES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
PHRASES IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
An fear a bhfuil a mhac ag imeacht, the man whose son is going away.
Bhí an bád ag imeacht ar a h~ féin, the boat was drifting.
Ní ag teacht atá siad ~ ag imeacht, they are not coming but going.
Ag imeacht le h~ an tsaoil, pleasure-seeking, leading a gay life.
B’éigean dom imeacht aige, I had to leave because of him.
Bhí sé mór againn imeacht air, it was too much to expect that we should leave without him.
D’imigh sé go Meiriceá. A~ nuair a bhí sé tamall thall . . . . He went to America. And when he was there some time . . . .
D’imigh sé ~ fearg air, he went away in anger.
Ag imeacht gan ~, wandering aimlessly.
In ~ imeacht, instead of leaving.
Ag imeacht lena ~, making off with his bundle, swag.
Nuair ab ~ dúinn imeacht, when it was time for us to go.
Más ~ go bhfuil tú ag imeacht, if in fact you are going away.
D’imigh sé lena ~ orthu, he escaped with his life from them.
D’imigh sé ~, he went away then.
Ógánaigh ag imeacht ~, youths going around indolent, becoming wastrels.
Tá sé ar ~ imeacht, he is about to go.
Is ~ a shíl mé go n-imeofá mar sin, I never thought you would go off like that.
D’imigh sé i m~ a chinn, he went off not knowing where he was going.
Imeacht faoi bheiriú, to over-boil; to evaporate.
D’imigh sé lena bheo orthu, he escaped with his life from them.
Bhí sé á bheophianadh go n-imeodh sé, he was impatient to go.
An mhuintir a bhí tar éis imeacht, the people who had just gone.
Má tá fút imeacht, if you intend to go away.
Cad é a dúirt sé? Tá, gur imigh sibh air, what did he say? This, that you went away without him.
Níl ~ ná slacht ar an teach ó d’imigh sí, the house has not been properly kept since she left.
Is ~ liom imeacht air, I don’t like to go away without him.
Imeacht ~ te, to go off hotfoot.
Tá mo chuid oibre (ag imeacht) ar ~, my work is being neglected, going to loss.
Imeacht sna boinn, i do chosa boinn, to go barefoot.
Ar bhord(a) imeacht, about to depart.
Níor bhraith mé an lá ag imeacht, I did not notice the day passing.
Tá mé ag brath (ar) imeacht, I intend to go away.
Tá ~ aige (ar) imeacht, he intends to go away.
Imigh más ~ leat é, go away if you are so inclined.
Is ort atá an ~; d’imigh an diabhal ort le ~, what a contrary devil you are!
Ná lig an bhrí as; ná lig don bhrí imeacht as, don’t let its strength evaporate.
Tá sé i m~ gan a bheith ag imeacht, he is impatient to get away.
Ná bí ag imeacht i m~ na fearthainne, don’t go when it’s starting to rain.
Ag ~ ar (imeacht, fhearthainn), on the verge of (departure, rain).
Bhí ~laidhre air ag imeacht, he was in a hurry, impatient, to get away.
D’imigh na ba le ~, the cows gadded with the heat.
D’imigh sé fada ~ ó shin, he went away a long time ago.
D’imigh sé agus ~ siúil faoi, he sped away.
D’imigh siad ó chaidreamh orm, I lost touch with them.
Bhí an bád ag imeacht as ~, the boat was going out of control.
~fidh mé imeacht, I must go.
Imeacht ar do chamchuairt, to go off on one’s rambles.
Ag imeacht ~ díreach roimh an ngaoth, sailing straight before the wind, running free.
D’imigh sé ar a chaolrian, he slipped away.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News