Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: began · Benin · beg · begging · being
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh begin »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
begin, v.tr. & i. Tosaím; cuirim tús ar (obair, scéal, etc.). To begin at the beginning, tosú ag an tús. He began life as a ploughman, fear treafa a bhí ann i dtús a shaoil. Before winter begins, sula dtiocfaidh an geimhreadh. The day began badly, bhí tús an lae go dona. To begin to do sth., to begin doing sth., tosú ag déanamh ruda, ar rud a dhéanamh. She began to cry, thosaigh sí ag caoineadh; dhírigh sí, chrom sí, ar chaoineadh. He began to strike him, luigh sé ar é a bhualadh. He began by opening the window, an chéad rud a rinne sé an fhuinneog a oscailt. To begin with, i dtús báire; ar an gcéad ásc. Well begun is half done, dhá thrian cuidithe tosú; tús maith leath na hoibre.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: Just agoing to begin, go díreach ar tí tosú.
To begin anew, tosú arís.
Since the application of science to farming began, ó tosaíodh ag baint úsáide as an eolaíocht i gcúrsaí feirmeoireachta.
In the beginning, ar dtús, i dtosach.
From the beginning to end, ó thús go deireadh, ó thús deireadh.
To make a beginning, tús a chur (ar obair); an ceann a bhaint de (scéal).
Prov: A good beginning is half the battle, dhá thrian cuidithe tosú.
His voice is beginning to break, tá an guth ag tosú ag briseadh aige.
The day was beginning to break, bhí an lá ag tosú ag breacadh, ag fáinniú.
F: He is beginning to break up, tá sé ag tosú ar mheath.
Charity begins at home, dá ghoireacht do dhuine a chóta is goire dó a léine.
His style is beginning to date, tá dealramh seanaimseartha ag teacht ar a stíl.
F: We began to see daylight through that piece of work, (i) bhí an clabhsúr ag druidim linn ar an obair sin; (ii) bhí muid ag tosú ag fáil faonoscailte ar an obair sin.
To begin at the wrong end, tosú ag an gceann tuathail.
They began to fight, d'ionsaíodar a chéile, chromadar ar throid.
He is beginning to feel his feet, tá sé ag fáil aithne air féin.
There began a hunt for the missing book, tosaíodh ag cuardach an leabhair a bhí ar iarraidh.
He was just beginning, ní raibh sé ach ag tosú.
F: I was beginning to see light, bhí tuiscint an scéil ag teacht chugam.
Play began at one o'clock, thosaigh an cluiche ag a haon a chlog.
The proceedings will begin at eight p.m., tosófar ag a hocht a chlog tráthnóna.
School begins at nine, tosaíonn obair na scoile ar a naoi a chlog.
He is beginning to settle down at school, tá sé ag éirí clóite leis an scoil.
The buds are beginning to show, tá na bachlóga ag teacht amach.
His words begin to sink in, tá a chaint ag breith greama, ag dul i ngreim.
To start at the beginning, tosú ag an tús.
No sooner had we entered than the music began, níor thúisce istigh sinn ná thosaigh an ceol.
The leaves are beginning to turn, tá imir bhuí ag teacht sna duilleoga.
At the very beginning, i bhfíorthosach.
He began to vomit, tháinig an tonn taoscach air.
His tongue was beginning to wag, bhí sé ag bogadh chun cainte.
Since the beginning of the year, ó tháinig an bhliain.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht