TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
colour1, s. 1 Dath m -a. What colour is it? cén dath atá air? It is the colour of the rose, tá sé ar dhath an róis. What colour is your horse? cén dath capaill atá agat? The colour problem, fadhb f na gciníocha daite. Colour bar, dathdheighilt f. To see an affair in its true colours, an scéal a fheiceáil mar atá sé. F: Not to have seen the colour of s.o.'s money, gan cianóg rua d'airgead duine a fheiceáil riamh. 2 (Material) Ábhar m daite, dath m, deann m. Water colour, uiscedhath m. Oil colour, oladhath m. 3 Snó m, dath, dreach m -a, lí f. She lost her colour, chaill sí a snó, a lí. He changed colour, d'iompaigh an lí ann. High colour, luisne bhreá. A bad colour, mílí f. She is off colour, tá sí drochshnóch, tá meathlaíocht éigin uirthi. 4 Usu. pl. Suaitheantas m, meirge m; Mil: bratach m. Colour party, garda m brataigh. S.a. TROOP2 2. To call s.o. to the colours, glaoch ar dhuine isteach san arm. To be with the colours, a bheith san arm. With colours flying, agus na meirgí ar foluain, le gaoth. He passed the examination with flying colours, chuaigh sé tríd an scrúdú go rabairneach. To sail under false colours, imeacht i mbréagriocht. He stuck to his colours, sheas sé lena chuid tuairimí. He showed himself in his true colours, thaispeáin sé é féin mar a bhí sé. To nail one's colours to the mast, an fód a sheasamh. 5 a To give, lend, colour to a story, cosúlacht f, craiceann m, na fírinne a chur ar scéal. To put a false colour on things, an fhírinne a chur as a riocht; cor an fhocail a chur ar an scéal. Jur: Colour of title, cosúlacht teidil. b Cosúlacht bhréige, scáth m -a. Under colour of law, of reason, faoi scáth an dlí, an réasúin.
colour2 . 1 v.tr. a Dathaím; cuirim dath ar. To colour sth. blue, rud a dhathú gorm; dath gorm a chur ar rud. b Cuirim craiceann ar (scéal); cuirim culaith ghaisce ar (mo chuid cainte). c Cuirim (an fhírinne) as a riocht; cuirim bréag ar (an scéal). 2 v.i. a (Of thg.) Dathaíonn, tógann dath. b (Of pers.) Deargaím, lasaim, cuirim dathanna díom.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be aflame with colour, bheith ar lasadh le dathanna.
To blend colours, dathanna a chumasc le chéile.
The colours blend, tá na dathanna ag dul isteach ina chéile.
Colour bordering on red, dath atá dearg ach sa bheag.
He changed colour, d'iompaigh a lí ann; chuir sé dathanna de.
(Contemptuous)Coloured person, duine de chine daite.
Highly coloured narrative, finscéal m fiannaíochta; scéal gáifeach, áibhéileach.
People with high colouring, daoine lasúnta, círíneacha.
He gave a false colour to the facts, chuir sé cor an fhocail ar an scéal; chuir sé a chraiceann féin ar an scéal.
The colour came off on my dress, ghreamaigh an dath do mo ghúna.
Colours in contrast, dathanna in imeartas le chéile.
Contrasting colours, dathanna a bheadh in imeartas le chéile.
Cream(-coloured), bánbhuí, ar dhath an uachtair.
Damask (colour), cródhearg.
Dash of colour, smearadh m, scuaid f (datha).
Dashed with colours, breactha le dathanna.
Dead colour, dath neamhlonrach.
Dove(-coloured, -grey), ar liathdhath an choilm.
Fawn-coloured, buídhonn, osbhuí.
Paint: Flat colour, dath m maol, neamhlonrach.
The fundamental colours, na bundathanna.
Generous colour, dath croíúil.
Stained glass, coloured glass, gloine dhaite.
To paint sth. in glowing colours, rud a mholadh go cranna na gréine.
Old-gold colour, dath an tsean-óir.
Ground colour, céad-dath m -a, cúldath m,
Colours in perfect harmony, dathanna atá ag cur le chéile ar fheabhas.
High colour, (i) dath aibhseach (ii) lasair f, luisne f (san éadan).
Highly coloured, (scéal) áibhéileach; (pictiúr) tréandathach.
Incongruous colours, dathanna aimhréire, nach dtagann le chéile.
Colours that jar, dathanna nach dtagann le chéile.
Jarring colours, dathanna mífhreagracha.
To lay sixpence on a colour, réal a chur ar dhath.
Local colour, áitiúlachas m, blas m an dúchais.
To lose colour, an dath a thréigean.
Perfect match of colours, dathanna atá ag cur, ag teacht, le chéile go fíormhaith.
Colours to match, dathanna oiriúnacha.
Colouring matter, ábhar dathaithe.
Paint: Moist colours, dathanna boga.
Orgy of colour, scléip dathanna.
Coloured pencil, pionsail daite.
Primary colours, bundathanna mpl.
To paint s.o. in his proper colours, a chomharthaí dílse a thabhairt ar dhuine.
Range of colours, réim dathanna.
Raw colouring, dathú garbh.
Her colour returned, tháinig a dath féin ar ais uirthi.
Rich colour, dath domhain.
Her colour rose, tháinig lasadh ina haghaidh.