Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: alight · blight · fight · flighty · fright
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh flight »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
flight1, s. 1 a Eitilt f (éin, eitleáin). Av: Trial flight, eitilt thástála. b Gluaiseacht f (piléir, saighde, scamaill, etc.). The flight of time, imeacht m ama. c (Of bird) To take its flight, éirí ar eitleog. F: Flight of fancy, réim f na samhlaíochta. d Imirce f (éan, etc.). 2 Raon m (éin, piléir, etc.). 3 a Flight of stairs, staighre m; dul m, rith m, staighrí. b Rac: Flight of hurdles, sraith f cliath. 4 a Scaoth f, scuaine f (éan, etc.). F: He is in the first flight, tá sé chun tosaigh. b Av: Ealta f (eitleán).
flight2, s. a Teitheadh m. To take to flight, teitheadh, é a thabhairt do na boinn. To put the enemy to flight, ruaig, teitheadh, a chur ar an namhaid. In full flight, ar maidhm teite. The Flight of the Earls, Imeacht na nIarlaí. b The flight from the land, tréigean m na tuaithe.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Access to the door is by a flight of steps, suas staighre a théitear go dtí an doras.
Av.Climbing flight, eitilt f ardaithe.
There was no course open to me but flight, ní raibh an dara rogha agam ach teitheadh.
He cut off their flight, tháinig sé rompu sa teitheadh; sháraigh sé iad.
Headlong flight, teitheadh scaollmhar, raon m maidhme.
Helter-skelter flight, teitheadh scaollmhar.
Non-stop flight, eitilt f gan stad.
Flight of oratory, roscadh m file.
They escaped by a precipitate flight, d'éalaigh siad ina raon maidhme.
To put the enemy to flight, ruaig f a chur ar an namhaid.
Windows reached by a flight of three steps, fuinneoga a bhfuil trí chéim ag dul suas go dtí iad.
He sought safety in flight, rith sé lena anam.
Soaring flight, buaneitilt in airde.
Flight of steps, staighre m.
Sweeping flight, eitilt fhaoileanda (éin).
To take to flight, teitheadh, é a thabhairt do na boinn.
To put s.o. to flight, an teitheadh a chur ar dhuine.
Av: Trial flight, eitilt thástála.
Unswerving flight, eitilt chaol dhíreach.
Fear winged his flight, ar mhéid a eagla d'imigh sé ar luas na gaoithe.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht