Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: chouse · douse · hoise · horse · hose
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh house »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
house1 . s. 1 Teach m(g. ). Town house, teach sa bhaile mór. Country house, teach sa tuaith. Private house, teach cónaithe. At, in, our house, sa teach s'againne. He is confined to the house, níl cead aige an teach a fhágáil. To keep (to) the house, fanacht sa bhaile; fanacht istigh. To keep house for s.o., bheith i mbun tí do dhuine. To keep house together, bheith in aontíos. To set up house, dul i gcionn tí. To move house, aistriú go teach eile. He keeps a good house, tá coinneáil mhaith aige. House of cards, caisleán cártaí. Attrib.House coal, gual teallaigh. House work, obair tí. S.a. DOG1 1. 2 a The House of God, Teach Dé. House of prayer, teach pobail; eaglais f. b Business house, teach tráchtála. c F: The House, (i) Parl: An Dáil. (ii) Fin: An malartán m (stoc). 3 a Carriage-house, teach cóiste. Fowl-house, cró m cearc. S.a. GATE-HOUSE, GLASS-HOUSE, etc. b Tchn: Cábán m (crann tógála). Nau: Teach (deice, stiúrach, etc.). c Com: Ind: Áras m stór m. S.a. COUNTING-HOUSE, ENGINE-HOUSE, etc. 4 a (Members of household) Teaghlach m. b Rítheaghlach m. The House of Cormac, ríshliocht Chormaic. 5 Th: Lucht éisteachta. A full house, lán tí.
house2, v.tr. a Tugaim lóistín, dídean, do (dhuine). b Cuirim isteach (an t-eallach, carr, inneall, etc.) c Cuirim (fearsaid, etc.) i gcró, abhaile. Nau: Sínim, daingním (crann). d Carp: Feirim.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The accessibility of the house, a éasca atá sé an teach a bhaint amach.
When he addresses the House, nuair a labhraíonn sé sa Dáil.
The house is a poor affair, ní mórán is fiú an teach.
He can well afford to build a house, is dó is fusa teach a dhéanamh.
The house stands at an angle to the street, tá an teach ar fiar leis an tsráid.
The house and its appendages, an teach agus a bhfuil ann, a bhfuil ag gabháil leis.
well-appointed house, teach iarmhaiseach.
House standing back from the road, teach atá isteach tamall ón mbóthar.
The house backs on the high road, tá cúl an tí leis an mbóthar mór.
Banking house, banc m.
The house is building, is being built, tá an teach á dhéanamh.
(ii) The house is to be sold, tá an teach le díol.
F: He turned the house into a bear-garden, chuir sé íochtar an tí ar uachtar; rinne sé cíor thuathail den teach.
House off the beaten track, teach scoite.
The house was a bedlam, bhí an teach ina rúille-búille, ina chíréip.
v.tr.The house belched (forth, out) flames, smoke, bhí an teach ag tonnadh amach lasracha, deataigh.
The house was believed to be haunted, bhí sé amuigh ar an teach go raibh taibhsí ann.
Better-class houses, tithe fiúntacha.
The house is beyond the church, ar an taobh thall, ar an taobh eile, den eaglais atá an teach.
To make a bid for a house, an oiread seo a thairiscint ar theach.
Big house, teach mór.
Boat-house, -shed, s. Teach m báid.
To break into a house, briseadh isteach i dteach.
A fire broke out in the house, chuaigh an teach trí thine.
Breaking into a house, briseadh isteach i dteach.
Brick house, teach brící.
Th: F: To bring down the house, mac alla a bhaint as na creathacha.
Th: There was a bumper house, bhí an teach ag cur thairis.
F: To bundle s.o. out of the house, duine a chaitheamh amach thar an doras.
To burn down a house, teach a dhó go talamh.
Business house, teach tráchtála, gnó.
To bustle s.o. out of the house, duine a scuabadh amach thar an doras.
To call at s.o.'s house, (i) dul ar cuairt chuig duine; (ii) bualadh isteach chuig duine; sciorradh isteach chuig duine.
House filled to capacity, teach lomlán.
Th: The house was chock-full, bhí an teach druidte le daoine.
He came by the house, chuaigh sé thar an teach.
I came upon a large house, casadh teach mór orm.
The House of Commons, Dáil f Shasana; Teach na dTeachtaí.
The house comprises nine bedrooms, tá naoi seomra codlata sa teach.
The houses are under construction, tá na tithe á dtógáil.
To convert a house into a barn, scioból a dhéanamh de theach.
The corner house, teach an choirnéil.
His house cost him £5,000, chosain an teach cúig mhíle punt air.
The houses are in course of construction, tá na tithe á ndéanamh.
Th: The house was crammed, bhí an teach lán go boimbéal.
Th: Crowded house, teach lán.
The house of the deceased, teach an choirp, teach an mhairbh.
Decent-sized house, teach cuíosach mór.
Detached house, teach aonair.
House of detention, teach coinneála.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht