Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aill · bill · cill · dill · éill
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh ill »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ill, I a. 1 Olc, dona, droch-, Ill manners, míbhéasa. 'Tis an ill wind that blows nobody good, is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin; ní thig olc i dtír nach fearrde duine éigin. To do s.o. an ill turn, míbheart m, droch-chleas m, a dhéanamh ar dhuine. Ill deed, drochghníomh m. 2 Tinn, breoite. To be, feel, ill, a bheith tinn, go dona; aireachtáil tinn, go dona. He fell, was taken, ill, buaileadh (síos) tinn é. To be ill with a fever, a bheith go dona le fiabhras. 3 Ill to please, deacair a shásamh, doshásta. II 1 Olc m. I know no ill of him, níl a fhios agam aon drochrud faoi; níl dada agamsa le rá leis. To do ill, drochrud a dhéanamh; an t-olc a dhéanamh. To speak ill of s.o., an drochfhocal a rá faoi dhuine. 2 a Dochar m, díobháil f. I have suffered no ill at his hands, ní dhearna sé aon dochar domsa. b pl. Anró m, angar m, cruatan m. To suffer great ills, an-anró, an-chruatan, a fhulaingt. III adv. Go holc. 1 He took it ill, ghoill sé air. It went ill with them, is olc a chuaigh sé dóibh. 2 I can ill afford the expense, tá sé ag dul rite go leor liom an costas a sheasamh. It ill becomes you to . . ., is olc an mhaise dhuitse ... 3 To be ill at ease, (i) a bheith neamhchompordach; (ii) a bheith imníoch.
I'll, =I SHALL, I WILL.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is well, ill, affected towards me, tá bá, fiamh, aige liom.
He was ill for years after, bhí sé breoite ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
You are not as ill as all that, níl tú chomh tinn sin amach.
Are you ill? Not at all! an bhfuil tú breoite? nílim ná breoite.
All the better, the worse, is amhlaidh is fearr, is measa, é.
To alter sth. for the worse, athrú chun olcais a chur ar rud.
To alter for the worse, dul chun donachta.
He was often ill as a child, ba mhinic tinn é agus é ina leanbh.
The avoidance of ill, seachaint an oilc.
He is going from bad to worse, tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach.
He has a well-balanced, ill-balanced mind, tá intinn staidéarach aige, níl aon staidéar ann.
He got the worst of the bargain, is air a chuaigh meath an mhargaidh.
F: His bark is worse than his bite, is troime a bhagairt ná a bhuille.
He became ill, afraid, d'éirigh sé tinn, faiteach; bhuail tinneas, faitíos, é; tháinig tinneas, faitíos, air.
He became worse, better, chuaigh sé chun donachta, chun feabhais.
Ill-behaved, badly behaved, dímhúinte, míbhéasach.
It ill beseems him, is olc a thig sé dó, is olc an mhaise dó é.
Besides which, he was ill, gan trácht air sin, ní raibh sé ar fónamh.
To do sth. for better or worse, rud a dhéanamh, maith olc an lorg a bheas (bheadh) air.
To take s.o. for better or worse, glacadh le duine le maith nó le holc.
There is bad blood, ill blood, between them, tá seandíoltas acu dá chéile.
It bodes well, ill, is maith, is olc, an mana, an tuar, é.
To bring s.o. luck, ill luck, misfortune, an t-ádh, an mí-ádh, an tubaiste a tharraingt ar dhuine.S.a. LUCK 1
A change for the worse, iompú donachta.
Confusion worse confounded, barr ar an mearbhall.
Critically ill, i gcontúirt bháis (ag breoiteacht).
He is well disposed, ill disposed, to me, tá dea-chroí, droch-chroí, aige dom.
He is dogged by ill fortune, tá an tubaiste anuas air.
To be in drink, the worse for drink, under the influence of drink, bheith óltach, bheith ar meisce, braon sa choiricín a bheith agat.
Ill-effect, drochiarsma m.
That would be even worse, ba mheasa fós é sin.
Good, ill, fame, dea-cháil, droch-cháil.
Ill-gotten gains seldom prosper, an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail imíonn sé ar a bholg.
This news goes to make matters worse, is measa an cás de bharr an scéil seo.
Ill-grounded belief, creideamh gan bhunús.
As ill-luck would have it, he arrived too late, de bharr ar an mí-ádh, bhí sé mall ag teacht.
I won't have him ill-treated, ní ligfidh mé d'aon duine drochúsáid a thabhairt dó.
He would be ill-advised to do it, ba dhona an chomhairle dó é a dhéanamh, b'éigríonna an rud dó é a dhéanamh.
She is ill-disposed towards them, tá droch-chroí aici dóibh.
He was ill-disposed to do it, bhí drogall air, bhí sé drogallach, é a dhéanamh.
F: No ill-feeling! ná cuireadh sin eadrainn!
By ill-luck, as ill-luck would have it, mar bharr ar an mí-ádh, ar an tubaiste.
To ill-use s.o., caitheamh go héagórach le duine; éagóir a dhéanamh ar dhuine.
He bore me ill-will, bhí drochrún aige dom.
Ill-intentioned, mailíseach, mírúnach.
The worst of it is that . . ., is é an chuid is measa den scéal go . . .
He was lying ill in bed, bhí sé ina luí tinn sa leaba.
F: He was in liquor, the worse for liquor, bhí braon maith ar bord, faoin tsúil, aige.
He looks ill, breathnaíonn sé tinn; tá cuma bhreoite air.
Ill luck, bad luck, mí-ádh m, drochrath m.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht