TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
price1, s. a Praghas m, luach m -a. Cost price, costas m ceannaithe. Cash price, airgead síos. To pay top price, an phingin is airde a íoc. At a reduced price, ar lascaine. (Of goods) To advance, rise, in price, ardú, daoirsiú. What price is that article? cé mhéad atá air sin? His pictures fetch huge prices, faigheann sé an-airgead ar a chuid pictiúr. They are beyond price, without price, ní féidir drannadh leo; tá siad as compás. He got a good price for it, fuair sé pingin mhaith air. You can buy it at a price, tá sé le ceannach ach íoc air. This must be done at any price, caithfear seo a dhéanamh pé súisín a íocfas é. Not at any price, ar ór na cruinne, ní . . . To set a high price on sth., meas mór a bheith agat ar rud. To set a price on s.o.'s head, fiacha a chuid fola a chur ar dhuine. b Turf: Long price, short price, corrlach trom, corrlach beag. P: What price my new bike? céard é do mheas ar mo rothar nua? F: It's just the price of you! a chonách sin ort! c Issue price of shares, praghas eisiúinte scaireanna. St.Exch: Market prices, praghsanna an mhargaidh. To make a price, praghas a leagan síos.
price2, v.tr. 1 Cuirim luach, praghas, ar. The book is priced at four shillings net, ceithre scilling glan fiacha an leabhair. 2 Measaim. To price sth. high, low, meas mór, meas beag, a bheith agat ar rud.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They agreed about the price, shocraigh siad faoin luach.
We are agreed about the price, tá an luach socair eadrainn.
Price by arrangement, an luach le socrú.
To arrive at a price, luach a shocrú.
Bargain price, saorchonradh m.
To beat down the price of sth., luach ruda a leagan.
Bed-rock price, an luach is ísle.
Cash price, praghas m ar airgead síos.
To chaffer over the price, a bheith ag stinséireacht, ag stangaireacht, faoin luach.
To charge s.o. a price for sth., luach m a bhaint de dhuine, a iarraidh ar dhuine, ar rud.
It commanded a high price, chuaigh sé airgead mór; fuarthas go leor airgid air.
Price of the dinner exclusive of wine, luach an dinnéir gan an fíon (a áireamh).
A fabulous price, luach áiféalta millteach.
It fetched a high price, chuaigh sé airgead mór.
The price has been increased from sixpence to a shilling, hardaíodh an luach ó réal go scilling.
Th: To pay full price, Rail: to pay full fare, an táille san iomlán a íoc.
To give a good price for sth., praghas maith a thabhairt, a íoc, ar rud.
Bread has gone up (in price), tá an t-arán ardaithe, daoirsithe.
To haggle over the price of sth., bheith ag stangaireacht, ag margáil, faoi luach ruda.
To sell sth. at half-price, rud a dhíol ar leath a luacha.
(Th: etc:)Children half-price, páistí ar leath-tháille.
They are increasing in price, tá siad ag éirí níos daoire, ag daoirsiú, ag ardú.
He inquired the price of it, d'fhiafraigh sé cén luach a bhí air.
To knock something off the price, rud éigin a bhaint den phraghas.
Knock-down price, an luach is ísle; slad m.
Knock-out price, an luach is ísle; slad m.
Purchase price less 10%, an praghas ceannaigh lúide, ach, 10%.
Low price, praghas íseal.
The lowest price, an phingin is ísle.
To mark (the price of) an article, a luach a chur ar rud.
To mark down the price of an article, luach earra a ísliú; earra a leagan.
Minimum price, an praghas is ísle.
Moderate price, praghas m réasúnta.
Price a matter for negotiation, féadfar réiteach a dhéanamh faoin luach.
To take sth. off the price, an luach a ísliú beagán.
For the price of one, ar luach aon cheann amháin.
St.Exch: Opening price, an praghas tosaigh.
High-priced, ard i luach.
Everything in the window is priced, tá a luach marcáilte ar gach rud san fhuinneog.
Prohibitive price, luach m do-íoctha.
The price of new potatoes is prohibitive, ní féidir drannadh leis na prátaí nua; tá a dhá luach ar na prátaí nua.
St.Exch: To put stock at a certain price, stoc a thairiscint ar luach áirithe.
To put up the price of flour, an plúr a ardú.
To raise the price of flour, an plúr a thógáil, a ardú.
The price of fish is out of all reason, tá an t-iasc as compás ar fad.
The price was reasonable, ní raibh an luach as bealach.
Reserve price, bunphraghas m.
His reserve price is £20, fiche punt atá ina cheann aige.