Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: all · ball · call · dall · eall
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh wall »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
wall1, s. 1 Balla m, múr m. Main walls, ballaí móra. Blank wall, balla bán. Surrounding wall, caiseal m. Dry wall, balla fuar. Partition wall, spiara m, portbhalla m. El.E: Wall switchboard, lasc-chlár balla. He left only the bare walls standing, níor fhág sé ina seasamh ach cabhail an tí. You might as well talk to a wall as give him advice, cuimilt mhéire do chloch a bheith á chomhairliú sin. To run one's head against a (brick) wall, do chloigeann a ghreadadh in éadan balla; bheith ag fadú tine faoi loch. F: He can see through a brick wall, duine fíorghrinn é; d'fheicfeadh sé an féar ag fás. F: He went to the wall, buaileadh é; treascraíodh é. The weakest always goes to the wall, an té a bhíos thíos buailtear cos air. Wall of rocks, fál m carraigeacha. Within the walls (of the town), faoi iamh, faoi chompar, an bhaile. The Great Wall of China, Mór-Mhúr na Síne. Pol.E: High tariff walls, cosaint f ardchánach. 2 Cumhdach m (cléibh, cille). Geol: Wall of a lode, balla m féithe.
wall2, v.tr. 1 To wall (in), (áit) a fhálú; balla a chur timpeall ar (áit). 2 Cuirim balla le (port, tobar, etc.).
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Const: To abut on, against, a wall, teagmháil le balla.
He struck his head against the wall, bhuail sé a chloigeann faoin mballa.
He leant against the wall, lig sé a thaca leis an mballa.
With his back to the wall, (i) agus a dhroim le balla aige; (ii) agus é i sáinn, i dteannta.
Between two walls, idir dhá bhalla.
To stick bills on a wall, duilleoga a chur ar bhalla.
v.i.The wall broke in, thit an balla isteach.
I bumped into, against, the wall, greadadh, buaileadh, in éadan an bhalla mé.
To clear a wall (by three inches), an balla a ghlanadh, a scoitheadh (de thrí horlaí).
He climbed over the wall, chuaigh sé ag dreapadóireacht thar an mballa.
Wall clad with ivy, balla faoi bhrat eidhneáin.
He went crash into the wall, buaileadh faoin mballa de thuairt é.
To cut an opening in a wall, poll a dhéanamh i mballa; balla a pholladh.
The wall is daubed with clay, tá brat cré ar an mballa.
Several bricks had become dislodged from the wall, bhí a lán brící tite den bhalla.
Wall that drips, balla atá ag déanamh uisce.
Walls have ears, bíonn cluasa ar na claíocha; tá poll ar an teach.
External walls, na ballaí lasmuigh.
To fence a town (about, round) with walls, ballaí a thógáil thart ar bhaile.
To place sth. flat against a wall, rud a chur buailte leis an mballa.
He flattened himself against the wall, luigh sé isteach leis an mballa.
Wall grown over with ivy, balla eidhneach; balla faoi eidhneán.
To hang wall-paper, páipéar a chur suas.
Picture hanging on the wall, pictiúr ar crochadh ar an mballa.
Wall six feet in height, balla sé troithe ar airde.
Between her and the wall, idir í agus an balla.
Wall five feet high, balla cúig troithe ar airde.
Between him and the wall, idir é agus an balla.
To hop over a wall, dul thar bhalla de léim.
To hug the wall, imeacht go dlúth leis an mballa.
To stand jam (up) against the wall, seasamh go dlúth leis an mballa.
To jump off a wall, léim (anuas) de bhalla.
Lath and plaster wall, balla de lataí agus de phlástar.
To lean up against the wall, with one's back against the wall; to lean back against the wall, droim a chur le balla; seasamh (droim) le balla, i gcoinne an bhalla.
To lean a ladder against the wall, dréimire a chur leis an mballa.
To let a slab into a wall, leac a neadú i mballa.
Walls lined with wood panelling, ballaí agus líneáil de phainéil adhmaid orthu.
Low wall, balla íseal.
Middle wall, balla láir.
Newly-painted wall, balla úrdhaite.
Wall of stone, balla m cloiche.
Hanging on the wall, ar crochadh ar an mballa, leis an mballa.
To open a hole in the wall, poll a bhriseadh ar an mballa.
To throw sth. over the wall, rud a chaitheamh thar an mballa.
We heard voices over the wall, chualamar glórtha ar an taobh eile den bhalla.
Parpen wall, balla clocha trasna.
To peer over the wall, amharc go fáilí thar an mballa; gliúcaíocht thar an mballa.
Wall-pellitory, miontas m caisil.
Wall pierced with loop-holes, balla faoi phoill lámhaigh.
Wall plate, maide m balla.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht