Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: apse · arse · as · · ae
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
He is about again, tá sé ar a bhoinn arís.
He came about three o'clock, tháinig sé i dtrátha a trí a chlog.
He is about his task, tá sé i gcionn a chuid oibre.
The accessibility of the house, a éasca atá sé an teach a bhaint amach.
He accommodated himself to the circumstances, rinne sé a mhór dá dhóigh.
He did it of his own accord, rinne sé é dá thoil féin, ar a chonlán féin, uaidh féin.
According to himself, más fíor dó féin, de réir mar a deir sé féin.
He did it on his own account, rinne sé é as a stuaim féin, ar a chonlán féin.
He must account for his conduct, caithfidh sé míniú a thabhairt ar a ghníomhartha.
He was not accountable for his action, ní as ciall a rinne sé é.
He accumulated a fortune, rinne sé a shaibhreas.
It is time for us to act, tá sé in am againn beart a dhéanamh.
He acted up to his principles, rinne sé beart de réir a bhriathair.
He adapted his language to the occasion, chuir sé a chuid cainte leis an ócáid.
When he addresses the House, nuair a labhraíonn sé sa Dáil.
He adjusted his hat, shocraigh sé a hata ar a cheann.
F: He forgot to admire her coat, níor chuimhnigh sé a rá gur thaitnigh a cóta leis.
I gained little advantage from it, is beag a chuaigh sé ar sochar dom.
(Of event) It turned out to his advantage, is é rud a chuaigh sé ar sochar dó.
He executed the deal to the best advantage, rinne sé an margadh ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh.
He told us all his adventures, d'aithris sé a chuid eachtraíochta dúinn.
It is after five, tá sé tar éis a cúig.
I only heard of it afterwards, ní raibh a fhios agam go (dtí go) raibh sé thart, níor chualas go dtí ina dhiaidh sin é.
He struck his head against the wall, bhuail sé a chloigeann faoin mballa.
He leant against the wall, lig sé a thaca leis an mballa.
At his age, san aois a bhfuil sé.
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
I was agonized at the thought that . . ., bhí sé ag dul tríom a smaoineamh go . . .
He is agreeable to do it, tá sé toilteanach ar a dhéanamh.
His remarks were aimed at me, chugamsa a bhí sé ag caitheamh.
He was airing his opinions, bhí sé ag nochtadh a chuid tuairimí.
He was airing his knowledge, bhí sé ag taispeáint a chuid eolais.
He established an alibi, chruthaigh sé go raibh sé in áit eile nuair a rinneadh an choir.
(Of pers.) He alighted on his feet, tháinig sé chun talaimh ar a dhá chois.
He was misjudged while alive, nuair a bhí sé beo ní raibh an meas ceart air.
For all that he says, ainneoin a ndeireann sé.
For all I care, ar scáth a gcuireann sé de bhuaireamh ormsa.
He staked his all, chuir sé a raibh ar an saol aige i ngeall (air).
He lost his little all, chaill sé cibé pinginí beaga a bhí aige.
He was alleged to be dead, bhí sé in ainm a bheith marbh; bhí sé marbh, má b'fhíor.
He allowed it to be stolen from him, lig sé a ghoid uaidh.
He allowed himself to be led astray by them, lig sé é féin chun aimhleasa ar a gcomhairle.
His condition would not allow of his going out, ní fhéadfadh sé dul amach ag an mbail a bhí air.
He was ambling along, bhí sé ag spaisteoireacht leis, bhí sé ag siúl leis de réir a choise.
He is amongst those who say . . ., tá sé ar dhuine den mhuintir a deir ...
He made ample apologies, ghaibh sé a leithscéal gan cór a chur ann.
He ran amuck, (i) chuaigh sé as a chranna cumhachta; (ii) thóg sé callán millteanach.
It is highly amusing, tá sé thar a bheith greannmhar.
He did it in anger, as fearg a rinne sé é.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht