ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Basal area, bonn-achar m.
He is comfortable, tá ré an achair aige, tá suaimhneas aige anois.
To cover a distance, achar a shiúl, a thaisteal.
It is a far cry from here to..., is fada an t-achar as seo go . . .
It is no distance (away), ní achar ar bith as seo é.
Distance between tracks, achar idir rianta.
Not far distant from..., achar, aistear, beag ó ...
In the distant future, faoi cheann achair fhada.
How far is it from . . . to. . .? cá fhad é ó... go...? cén t-achar é ó . .. go . . .?
F: It was still a far fetch to London, b'fhada an t-achar fós é go Londain.
Not far from..., achar gearr ó...
It's a goodish step from here, tá sé achar maith as seo
How long are you here? cén t-achar anseo thú? cá fhad anseo thú?
Load per unit area, ualach de réir an aonaid achair.
How long have you been here? cén t-achar anseo thú?
Margin of safety, achar m sábhála.
It will last for a season, mairfidh sé seal tamaill, achar áirithe.
A short way off, achar beag uait.
Some distance from here, achar as seo.
It is a good step, tá sé achar maith as seo.
To step (off, out) a distance, achar a thomhas i gcéimeanna, a chéimniú.
For a long period of time, ar feadh achair fhada.
In view of the distance . . ., i ngeall ar an achar ...
It's a long way from here, is fada an t-achar as seo é.
A little way off, achar gearr ó láthair.
It will be a good while before you see him again, is fada (an t-achar) go bhfeicfir arís é.
While he was here, while here, he studied a great deal, rinne sé mórán staidéir fad a bhí sé anseo, an t-achar a bhí sé anseo, le linn dó a bheith anseo.
A yearly term, achar bliana.