ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He doesn't know A from B, níl spréach aige.
He knows what he is about, tá fios a ghnó aige.
He can trace his descent above four hundred years, tá ginealach a chine aige siar tuilleadh is, breis is, ceithre chéad bliain.
He knows it in the abstract, tá sé aige ó thaobh na teoirice.
He lived in abundance, bhí flúirse agus fairsingeacht aige; bhí saol na bhfuíoll aige.
He accompanied his words with a cuff, bhí an buille chomh luath leis an bhfocal aige.
He is accustomed to going there, tá sé de nós aige dul ansin.
It makes my heart ache, tá mo chroí dóite aige.
He has achieved the impossible, tá rud déanta aige a measadh a bheith dodhéanta.
When I consider his achievement, nuair a smaoiním ar an éacht atá déanta aige.
His acquaintance with Latin, an t-eolas atá aige ar an Laidin.
He has a wide circle of acquaintances, tá mórán lucht aitheantais aige.
He did not know how to act, ní raibh a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh.
His daughter acts as his secretary, tá a iníon mar rúnaí aige.
He was an active party to it, he took an active part in it, bhí lámh bheo san obair aige.
He is a great admirer of your work, tá meas mór aige ar do chuid oibre.
F: His adoration for her, an grá atá aige di.
He has the advantage of youth, tá buntáiste aige de thairbhe óige.
It affects me personally, tá baint ar leith aige liomsa.
It affected his heart, chuaigh sé faoin gcroí aige.
He is well, ill, affected towards me, tá bá, fiamh, aige liom.
His lungs are affected (by the disease), tá sé sna scamhóga aige.
I am afraid he will die, is eagal liom go bhfuil an bás aige.
He is past middle age, tá cnagaois aige.
He has a daughter your age, tá iníon aige atá comhaois leat.
He is of age to marry, tá aois a phósta aige.
I agree that he was wrong, admhaím nach raibh an ceart aige.
He is two hours ahead of me, tá dhá uair de bhuntáiste aige orm.
He has one aim and object in life, níl ar an saol aige ach an t-aon chuspóir amháin.
With his arms a-kimbo, agus a lámha ar a chorróga aige; agus péire uillinneacha air.
He is all alone, níl baistíoch aige ach é féin.
He staked his all, chuir sé a raibh ar an saol aige i ngeall (air).
He lost his little all, chaill sé cibé pinginí beaga a bhí aige.
He has an alternative plan, tá a athrach, a mhalairt, sin de phlean aige.
He had no alternative, ní raibh an dara rogha aige; ní raibh de rogha aige ach.
He has any amount of money, tá sé ar maos in airgead, tá an-lear airgid aige.
He has ample resources, tá neart teannaidh ar a chúl aige.
He amuses himself with writing, tá scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire aige.
He has an answer to everything, tá freagra ar gach uile rud aige.
He answered that he did not know, d'fhreagair sé is dúirt sé nach raibh a fhios aige.
He has a lot to answer for, is iomaí rud a gcaithfidh sé cuntas a thabhairt ann, atá le cúiteamh aige.
He anticipated his income, chaith sé a theacht isteach sula raibh sé faighte aige.
F: He has a new book on the anvil, tá leabhar nua sna fonsaí tógála, ar na bacáin, aige.
He knows English if any man does, tá Béarla aige má tá sé ag aon fhear beo.
He hasn't any reason to complain, níl ábhar ar bith éilimh aige.
He hadn't any fault to find with it, ní raibh lá lochta aige air.
There wasn't anyone able for him, ní raibh duine ar bith in ann aige.
He has hardly anything, is ar éigean má tá dada aige.
He has a good appetite, tá a ghoile aige.
Has he got a good appetite? bhfuil dúil ina bhéile aige?