ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To chalk up the drinks, na deochanna, a chur ar an scláta, a thabhairt ar cairde.
To indulge in drink, luí isteach ar an deoch.
To regale s.o. with food and drink, bia agus deoch a dháileadh ar dhuine.
F: To score up the drinks, na deochanna a bhreacadh ar scláta.
F: To shanghai a man, deoch chodlata a thabhairt do fhear lena fhuadach ar bhord loinge.
Nothing succeeds like success, an té tá thuas óltar deoch air.
He swallowed his pride, d'ól sé deoch ar a náire.
This drink has no taste, níl blas ar bith ar an deoch seo; tá an deoch seo leamh.
To (dine and) wine s.o., bia agus deoch a chur ar bord do dhuine.